Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coimisinéir an Gharda Síochána chun freagra a thabhairt maidir le heaspa gnímh i leith moltaí faoin nGaeilge

11 Beal 2021, 14:45

Amárach, tiocfaidh  Drew Harris, Uasal, Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun an tuarascáil: ‘Oifig an Choimisinéara Teanga: Tuarascáil faoi fho-alt 26(5) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 do Thithe an Oireachtais maidir le cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe a rinneadh faoi fho-alt 21(f) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003’ a phlé.

Reáchtálfar an cruinniú den Chomhchoiste ar 2.00 iarnóin i Seomra na Dála, Teach Laighean ar an gCéadaoin, 9 Nollaig 2020.  

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: Tá an Comhchoiste buíoch do Choimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris as an gcuireadh a ghlacadh chun teacht ós chomhair ár gCoiste le cuidiú linn in ár bplé ar thuarascáil chuimsitheach an Choimisinéara Teanga a leagadh ós comhair na Dála coicís ó shin faoin easpa gnímh i leith a mholtaí chun seirbhís i nGaeilge ón nGarda Síochána a bheith ar fáil. Baineann an tuarascáil sin le himscrúdú a rinne a Oifig ar an nGarda Síochána agus a tugadh chun críche i mí na Nollag 2011.  

Dar leis an Coimisinéir Teanga tá sé ‘tagtha ar an tuairim nach bhfuil na moltaí a rinneadh san imscrúdú sin curtha i ngníomh go sásúil ag an nGarda Síochána’ agus mar sin is mian leis an gComhchoiste na fáthanna nár cuireadh i gníomh iad fós a iarraidh ar Choimisinéir an Gharda Síochána, agus a fháil amach cathain a chuirfear i bhfeidhm iad. Ó bunaíodh an Stát, tá drochthionchar seirbhíseach poiblí, nach bhfuil meas acu ar ár dTeanga Náisiúnta nó nach féidir leo an tseirbhís phoiblí a sholáthar trí mheán na Gaeilge, ar inmharthanacht na Gaeilge sa Ghaeltacht féin, aitheanta. Tá sé thar am go n-aithníonn an Státchóras go bhfuil sé de cheart ag gach saoránach, seirbhís trí mheán a rogha teanga oifigiúla féin a fháil, is cuma cén áit in Éirinn a lorgaíonn sé nó sí í.  

Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo

Barr
Roinn