Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tá an Comhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht chun plé a dhéanamh ar an dtuarascáil eatramhach ar bhásmhaireacht i ndaoine aonair gan dídean.

23 Meith 2021, 16:45

Buailfidh an Comhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht le chéile amárach, Déardaoin, an 24 Meitheamh, leis an Dr Austin O’Carroll chun plé a dhéanamh ar an dTuarascáil Eatramhach ar Bhásmhaireacht i nDaoine Aonair Gan Dídean 2020 d’Fheidhmeannach Réigiúnach Bhaile Átha Cliath do Dhaoine Gan Dídean.

Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú ag a 10 a chloig ar maidin i Seomra Coiste 4 i dTeach Laighean, bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Steven Matthews: “Tá an Coiste ag súil le plé a dhéanamh leis an Dr O’Carroll ar shonraí a thuarascála eatramhaí maidir le leibhéil na básmhaireachta i measc daoine aonair gan dídean i mBaile Átha Cliath, a choimisiúnaigh Feidhmeannach Réigiúnach Bhaile Átha Cliath do Dhaoine Gan Dídean agus imní ann faoi líon na ndaoine gan dídean a fuair bás sa phríomhchathair in 2020.”

Tá 14 Chomhalta ag an gComhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Theilifís an Oireachtais.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn