Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarascáil ar Dhíláthriú agus Leaganacha sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil seolta ag an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha

13 Iúil 2021, 12:00

Tá an Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint tar éis a thuarascáil Díláthriú agus Scartáil sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil a fhoilsiú inniu, Dé Máirt, an 13 Iúil.

Tá an tuarascáil de 104 leathanach á foilsiú mar thoradh ar shraith cruinnithe a tionóladh ag an gCoiste maidir le tuairiscí de dhíláithriú agus leaganacha sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil.

Mar chuid den athbreithniú, d’iarr an Coiste go gcuirfí aighneachtaí i scríbhinn ar an ábhar faoina bhráid agus reáchtáil sé sraith idirghabhálacha i mí na Bealtaine le páirtithe leasmhara lena n-áirítear Ambasadóir Iosrael chun na hÉireann, a Oirirceas an tUasal. Ophir Kariv, agus Ambasadóir agus Ceann Misin na Palaistíne, an Dr. Jilan Abdalmajid.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Cathal Ó Flannagáin, TD: “Tá stair bhródúil agus ról seanbhunaithe ag Éirinn in aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine eile thar ár dteorainneacha féin.

“Tar éis méadú tuairiscithe ar scartáil, lena n-áirítear foirgnimh a tógáladh agus a athchóiríodh le maoiniú a cuireadh ar fáil ag cáiníocóirí na hÉireann, chomhaontaigh an Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint athbhreithniú a dhéanamh ar an staid i leith scartáil foirgneamh poiblí agus príobháideach agus i leith díláithriú daoine sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil.”

Iarrtar sa tuarascáil deireadh a chur le tuilleadh díshealbhuithe, aistriú lonnaitheoirí, scartáil, urghabhálacha talún, agus creachta acmhainní nádúrtha sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil. Agus chun idirbheartaíocht fhiúntach a chumasú, molann an Coiste go ndéanfaidh údaráis Iosrael bearta praiticiúla chun lonnaíochtaí neamhdhleathacha a dhíchóimeáil agus chun tarraingt siar as an gcríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil.

Iarrtar inti thairis sin ar údaráis Iosrael scor de dhíriú ar chabhair dhaonnúil sa Bhruach Thiar trí leagan agus coigistiú. Cuireann an Coiste imní ar leith in iúl, sa tuarascáil, maidir leis an méadú tuairiscithe de 108% ar scartáil déanmhas a maoiníodh ag deontóirí, lena n-áirítear scoileanna agus ionaid leighis, ar déanmhais a mhaoinigh AE agus Ballstáit AE cuid mhaith díobh.

Áirítear na nithe seo a leanas ar na tátail eile a bhain an Coiste sa tuarascáil:

·         Gur chruthaigh an méadú ar scartáil agus díláithriú in 2020 agus 2021 cruatan do na daoine sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil agus gur chuir sé go mór leis an teannas méadaithe sa réigiún.

·         Tá sé níos deacra, de bharr ghníomhartha leanúnacha Iosrael sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil, cuspóir na síochána agus stát comhtheagmhálach na Palaistíne a bhaint amach.

·         Mar an chumhacht forghabhála sa Bhruach Thiar, tá oibleagáidí ar Iosrael faoi Cheathrú Coinbhinsiún na Ginéive lena socraítear go bhfuil aistriú daoine den daonra faoi fhorghabháil le fórsa toirmiscthe. Toirmisctear freisin le Ceathrú Coinbhinsiún na Ginéive ar an gCumhacht Forghabhála d’aistriú daoine den daonra sibhialtach atá faoi fhorghabháil a aistriú isteach ina críoch féin.

·         Nach bhfuil an patrún de dhíshealbhuithe, d’orduithe scartála agus de dhíláithriú randamach, ach gur léir go bhfuil sé dírithe go straitéiseach ar dhéimeagrafaíocht Iarúsailéim Thoir a athrú trí dhíriú ar limistéir ar nós Sheikh Jarrah.

·         De bharr nach bhfuil aon athrú á bhaint amach ag ráitis cháinte leantacha, tá gá ann go gcinnteoidh tíortha aonair, an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe go bhfuil iarmhairtí láidre ann.

Áirítear ar na moltaí breise a rinne an Coiste sa tuarascáil:

·         Go ndéanfaidh Éire, tar éis di a aithint gur tharla ionghabháil de facto sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil, bearta a ghlacadh i dtreo chomhlíonadh na freagrachta atá uirthi gan chabhair ná cúnamh a thabhairt d’Iosrael lena gcumasófar gníomh ionghabhála atá éagórach go hidirnáisiúnta a chothabháil.

·         Go dtacóidh Éire le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le neamhdhleathacht na forghabhála leanúnaí agus an ionghabháil de facto ar an gcríoch Phalaistíneach faoi urghabháil.

·         Go dtacóidh Éire leis an éileamh ó íospartaigh Phalaistíneacha ar imscrúdú de chuid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar dhíshealbhuithe in Sheikh Jarrah, i measc díshealbhuithe eile.

·         Go n-úsáidfidh Éire a suíochán ar Chomhairle Slándála NA agus a hUachtaránacht ar an gcéanna, atá le teacht, chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an bhforghabháil leanúnach ar na críocha Palaistíneacha, leis an mbochtaineacht, leis an míchothromacht agus leis na héagóracha, agus le bealach chun deireadh a chur leis an ionghabháil de facto a chur chun cinn ar mhaithe leis an tsíocháin agus slándáil idirnáisiúnta a chothabháil.

·         Go n-iarrfaidh Éire go díreach, agus trí chomhlachtaí idirnáisiúnta, ar chúiteamh ó Rialtas Iosrael, as scriosadh tionscadal inar úsáideadh maoiniú de chuid na hÉireann agus de chuid AE.

Ghabh an Teachta Ó Flannagáin buíochas le gach finné a bhí páirteach i gcruinnithe agus a chuir go mór le pléite fiúntacha agus faisnéiseacha, agus le pearsana aonair agus eagraíochtaí a chuir aighneachtaí i scríbhinn isteach.

Faigh níos mó faisnéise faoin gCoiste, faoina obair agus faoina Chomhaltaí.

Léigh an tuarascáil iomlán agus a cinntí agus a moltaí.

Barr
Roinn