Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Thalmhaíocht le hathchromadh ar dhíospóireacht maidir leis an rásaíocht capall in Éirinn, agus maidir le ganntanais mhóna

19 Iúil 2021, 17:35

Athchromfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir ar dhíospóireacht maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Tionscal Rásaíochta Capall agus maidir le tionchar na nganntanas móna ar thionscal na gairneoireachta le linn dhá éisteacht ar leithligh amárach ar 9:30 am agus 3:30 pm, Dé Máirt, an 20 Iúil.

·        Seisiún 1: (09:30 - 11:30) – Seomra Coiste 2 – Saincheisteanna a bhaineann leis an Tionscal Rásaíochta Capall le hoifigigh ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Muir.

·        Seisiún 2: (15:30 - 17:30) – Seomra Coiste 3 – Tionchar na nganntanas móna ar thionscal na gairneoireachta, le hoifigigh ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Muir, le hoifigigh ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus le hoifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

É ag caint roimh an gcruinniú, dúirt an Cathaoirleach, Seán Ó Cathail, TD: “Bhí an deis ag an gCoiste le cúpla seachtain anuas plé a bheith aige le pearsana aonair, comhlachtaí agus eagraíochtaí iomchuí faoin rásaíocht capall in Éirinn agus faoi na beartais agus na nósanna imeachta atá ar bun. Chuir na héisteachtaí am agus áit ar fáil dóibh díospóireacht a dhéanamh maidir leis na saincheisteanna agus aird a tharraingt ar a gcuid ábhar imní féin.

“Chuir an Coiste fáilte roimh an díospóireacht faoin tionscal i gcoitinne, agus roimh an deis mórábhair imní i dtaobh beartais faoin rásaíocht capall in Éirinn a tharraingt anuas leis na comhlachtaí éagsúla, agus táimid ag súil le leanúint ar aghaidh leis an gcomhrá  seo leis an Roinn, rud a cheadóidh do Chomhaltaí an Choiste saincheisteanna a cuireadh chun suntais sna héisteachtaí a bhí againn le déanaí.”

Dúirt an Teachta Ó Cathail freisin: “Athchromfaidh an Coiste ar an díospóireacht maidir leis an tionchar a d’imir ganntanais mhóna, agus atá á imirt acu fós, ar thionscal na gairneoireachta in Éirinn, agus ar shlite beatha oibrithe díreacha agus indíreacha, agus ar ghnóthaí lena mbaineann. Go dtí go mbeidh rogha mhalartach mharthana ar mhóin ann, ní foláir do na tionscail seo a bheith in ann móin dúchais a bhaint. Tá gá ag an gCoiste le soiléireacht i dtaobh na saincheiste seo agus maidir le pleananna an Rialtais, agus le hobair an Choimisinéara um Aistriú Cóir, an gcabhróidh siad leis na gnóthaí sin a choinneáil inmharthana sa todhchaí. Is saincheist thar a bheith práinneach é sin agus tá gá ag an earnáil le freagra.”

Tá 14 Chomhalta ar an gComhchoiste um Thalmhaíocht agus Muir, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise ar leathanach gréasáin tiomanta an Choiste. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn