Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Leanann an Coiste Oideachais lena ghrinnscrúdú réamhreachtach ar scéim ghinearálta Bhille an Údaráis um Ard-Oideachas 2021

19 Iúil 2021, 15:35

Leanfaidh an Comhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht lena ghrinnscrúdú réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta Bhille an Údaráis um Ard-Oideachas 2021 amárach, Dé Máirt an 20 Iúil, le hoifigigh ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, agus le hionadaithe ón Údarás um Ard-Oideachas agus ó Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann.

Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 3:30 pm agus déanfar é a chraoladh ó Sheomra Coiste 4 i dTeach Laighean.

Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú, dúirt an Cathaoirleach Pól Mac Eochaidh, TD: “Tá an Coiste ag leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar Scéim Ghinearálta Bhille an Údaráis um Ard-Oideachas 2021 tríd an bpróiseas grinnscrúdaithe réamhreachtaigh. Táimid ag súil le faisnéis a fháil a bheidh ina cabhair dúinn agus sinn ag déanamh scrúdú ar an bpíosa reachtaíochta beartaithe fíorthábhachtach seo.”

Tá 14 Chomhalta ar an gComhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir leat breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 4 ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise ar leathanach gréasáin tiomanta an Choiste. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn