Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin chun bualadh le Coimisinéir na hAstráile um Ríomhshábháilteacht

20 Iúil 2021, 15:30

 Buailfidh an Comhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meán le Coimisinéir na hAstráilte um Ríomhshábháilteacht, Julie Inman Grant, Dé Céadaoin, an 21 Iúil, mar chuid de ghrinnscrúdú réamhreachtach an Chomhchoiste ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Shábháilteacht ar Líne agus um Rialáil Meán.

Cloisfear le linn an chruinnithe ar 10am i Seomra Coiste 4 de Theach Laighean ó ionadaithe de chuid Safety Over Stigma ar dtús, agus ansin ó Julie Inman Grant, Uas., agus óna comhghleacaí, Toby Dagg, an Ceann Imscrúduithe, a thiocfaidh inár láthair go cianda ó Sydney ó 10.30am go 11.30am.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Niamh Nic Gabhann: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis seo cloisteáil ó Choimisiún na hAstráile um Ríomhshábháilteacht, arb é an chéad ghníomhaireacht ar domhan a bunaíodh chun saoránaigh a choinneáil slán agus iad ar líne.

De bharr go bhfuil togra sa Bhille um Shábháilteacht ar Líne agus um Rialáil Meán le haghaidh Coimisinéir tiomanta um Shábháilteacht ar Líne anseo in Éirinn, tá fonn ar Chomhaltaí fáil amach conas a oibríonn an ghníomhaireacht san Astráil, conas a phléann sí le gearáin ó shaoránaigh ar bhain díobháil ar líne dóibh, agus conas a bhaineann sí cothromaíocht amach idir idirlíon saor, oscailte agus pearsana aonair agus an tsochaí ina hiomláine a chosaint. Táimid ag súil go mór le plé fairsing le Julie Inman Grant, Uas. agus an tUas. Dagg chun féachaint cad atá foghlaim ag Éirinn ó thaithí na hAstráile.

“Tá suim freisin ag an gCoiste i dtuairimí agus i dtaithí Safety Over Stigma, a ghníomhaíonn thar ceann daoine ar bhain díobháil dóibh de bharr gur comhroinneadh íomhánna dlúthphearsanta nó follasacha – rud ar ceann de na mí-úsáidí is measa ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta é. Tá cosaint daoine óga agus soghonta ar an ábhar dochrach seo agus ar ábhar eile i gcroílár na reachtaíochta seo, agus is príomhthosaíocht é sin ag an gCoiste seo.”

Tá 14 Chomhalta ar an gComhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Oireachtas TV.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn