Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gheobhaidh an Coiste um Shláinte nuashonrú maidir le leathnú amach Dheimhniú Covid Digiteach AE

20 Iúil 2021, 14:34

Déanfaidh an Comhchoiste um Shláinte plé ar leathnú amach Dheimhniú Covid Digiteach AE  le hoifigigh ó Roinn an Taoisigh, ón Roinn Sláinte, ón Roinn Iompair, ón Roinn Dlí agus Cirt agus le hionadaithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag cruinniú i dTeach Laighean amárach, Dé Céadaoin an 21 Iúil ar 9:30am.

Tiocfaidh David Gillbride, Ceann Seachadta Seirbhísí Inimirce, an Roinn Dlí agus Cirt; Muiris O’Connor, Leas-Ard-Rúnaí, an Roinn Sláinte; Damien McCallion, Ceannasaí Náisiúnta, Clár Vacsaínithe in aghaidh Covid-19, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; Fintan Tower, Leas-Ard-Rúnaí, an Roinn Iompair agus Liz Canavan, Leas-Ard-Rúnaí, Roinn an Taoisigh inár láthair go fíorúil ó Sheomra Coiste 2 trí úsáid a bhaint as nasc físe le haghaidh an phlé.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Seán Mac Concradha, TD: “Maolaíodh srianta ar thaisteal idirnáisiúnta nach bhfuil riachtanach an tseachtain seo nuair a chuaigh Éire i bpáirt leis an gcuid eile de AE i dtaobh an Deimhnithe Covid Dhigitigh a chur i ngníomh. Tá ceisteanna fós le freagairt, áfach, maidir le hoibriú an chórais nua seo. Tuairiscíodh an tseachtain seo go raibh deacrachtaí ag daoine teagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Dheimhniú Covid Digiteach na Roinne Sláinte agus freagraí ar a bhfiosruithe á lorg acu. Tá an Coiste ar an eolas freisin maidir leis na deacrachtaí a bhí ag roinnt daoine, a bhfuil ainmneacha i nGaeilge orthu, maidir leis na deimnithe a eisíodh dóibh ar a raibh botúin litrithe. Cuireann an Coiste fáilte roimh an bplé inniu chun nuashonrú a fháil ar leathnú amach an chórais nua, lena n-áirítear líon na ndaoine a bhfuil deimhniú faighte acu go dtí seo agus na figiúirí is déanaí maidir le líon na ndaoine atá go hiomlán vacsaínithe in aghaidh Covid-19 agus a cháilíonn le haghaidh an doiciméid ar an mbonn sin.”

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Is féidir an cruinniú a fheiceáil beo anseo.

Barr
Roinn