Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Shaincheisteanna Ríthábhachtacha a théann i gCion ar an Lucht Siúil le cloisteáil ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus ó na hIonaid um Chúnamh Dlíthiúil in Aisce

21 Iúil 2021, 14:12

Athchromfaidh an Comhchoiste um Shaincheisteanna Ríthábhachtacha a théann i gCion ar an Lucht Siúil ar a phlé faoi rochtain ar thithíocht agus ar chóiríocht, lena n-áirítear cóiríocht don Lucht Siúil ar leithligh, amárach, Déardaoin, an 22 Iúil, ag cruinniú le hionadaithe ó na hIonaid um Chúnamh Dlíthiúil in Aisce agus ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.

Tionólfar an cruinniú i dTeach Laighean, Seomra Coiste 4 ar 12.30pm.

Ionadaithe ó na hIonaid um Chúnamh Dlíthiúil in Aisce: láithreoidh Sinéad Lucey, Aturnae Bainistíochta, agus Christopher McCann, Aturnae, os comhair an Choiste agus é ag athchromadh ar a phlé faoi rochtain ar thithíocht agus ar chóiríocht, lena n-áirítear cóiríocht don Lucht Siúil ar leithligh.

Ionadaithe ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas: láithreoidh Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir, Michael O’Neill, Ceannaire Gnóthaí Dlí agus an Dr. Rosaleen McDonagh, Comhalta den Choimisiún, os comhair an Choiste chun na hAthbhreithnithe Comhionannais a rinne Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas le déanaí ar Údaráis Áitiúla do Sholáthar Cóiríocht don Lucht Siúil.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Seanadóir Eileen Ní Fhloinn: “Tá Seirbhís Dlí don Lucht Siúil á hoibriú ag na hIonaid um Chúnamh Dlíthiúil in Aisce ó thosach 2020. Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis seo cloisteáil faoin tseirbhís sin agus faoi obair na nIonad um Chúnamh Dlíthiúil in Aisce agus tuairimí dlíthiúla saineolacha a fháil maidir le saincheisteanna dlí tithíochta i dtaca leis an Lucht Siúil, lena n-áirítear mainneachtana cóiríocht don Lucht Siúil ar leithligh a sholáthar.

“Tá ríméad ar an gCoiste freisin fáilte a chur roimh ionadaithe ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas chun na fionnachtana agus na moltaí atá sna hAthbhreithnithe Comhionannais ar Údaráis Áitiúla do Sholáthar Cóiríocht don Lucht Siúil, a foilsíodh ní ba luaithe sa mhí seo, a phlé. Thosaigh an Coimisiún na hathbhreithnithe comhionannais sin in 2019 tar éis gur léirigh fianaise shoiléir tearc-chaiteachas comhsheasmhach sa bhuiséad le haghaidh cóiríocht don Lucht Siúil ar leithligh. 35% de na hacmhainní a leithroinneadh ar na húdaráis áitiúla i gcomhair cóiríocht don Lucht Siúil idir 2008 agus 2018, níor tarraingíodh iad anuas.”

Féach ar an gcruinniú go beo.

Barr
Roinn