Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste chun suíomh iomlán dátheangach a dhéanamh de Thithe an Oireachtais a phlé

21 Iúil 2021, 15:05

Déanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge plé ar an ábhar ‘Suíomh iomlán dátheangach a dhéanamh de Thithe an Oireachtais’ ag a chruinniú amárach. Beidh an cruinniú ar siúl ar 12:30 iarnóin i Seomra na Dála agus tabharfaidh Cléireach Dháil Éireann, an tUasal Peadar Ó Fionnagáin, aitheasc don Choiste ar an ábhar seo.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Aengus Ó Snodaigh: “Cuirim fáilte mhór roimh Straitéis Ghaeilge Thithe an Oireachtais, a seoladh le déanaí, agus táim ag súil lena cur i ngníomh. Is é is cuspóir don Straitéis seo leathnú a dhéanamh ar réimse na seirbhísí, na dtacaíochtaí agus na n-acmhainní dátheangacha atá ar fáil do Chomhaltaí Thithe an Oireachtais le linn dóibh a ndualgais mar Theachtaí Dála agus Seanadóirí a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, cuireann an Straitéis tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil d’fhoireann Sheirbhís Thithe an Oireachtais agus do chomhaltaí foirne eile atá fostaithe san Oireachtas.

“Tá sé ríthábhachtach go n-éascaítear do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí a oiread agus is féidir ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na ndaoine ina ndáilcheantair i gceachtar teanga oifigiúil an Stáit, agus nach bhfuil Comhaltaí ná na daoine ina ndáilcheantair faoi mhíbhuntáiste nuair a roghnaíonn siad plé a dhéanamh lena chéile, nó le Tithe an Oireachtais go díreach, i gceachtar teanga oifigiúil an Stáit nó sa dá theanga.

"Déantar foráil le Buan-Ordú 123 de Bhuan-Orduithe Dháil Éireann, agus le Buan-Ordú 105 de Bhuan-Orduithe Sheanad Éireann, ‘go mbreithneoidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar ‘... (c) méadú ar úsáid na Gaeilge in imeachtaí dhá Theach an Oireachtais agus ina gCoistí agus timpeall an dá Theach a chur chun cinn, ...’. Dá réir sin, tá sé iarrtha agamsa agus ag mo Choiste ar an gCeann Comhairle an fhreagracht maidir le cur i ngníomh Straitéis Ghaeilge Thithe an Oireachtais a shannadh do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Ag ár gcruinniú amárach, déanfaimid plé ar an togra seo agus ar an gcaoi is fearr inar féidir é a chur i ngníomh."

Is féidir an cruinniú a fheiceáil beo anseo.

Barr
Roinn