Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tacaí do chianobair i measc na 45 mholadh san aighneacht réamh-bhuiséad ón gCoiste Oireachtais chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

29 Iúil 2021, 12:00

Tá an Comhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin tar éis a aighneacht roimh Bhuiséad 2022 chuig an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail a fhoilsiú.

I measc na moltaí sa tuarascáil tá tacaí do chianobair, athruithe ar chreat maoiniúcháin na hearnála saorálaí agus carthanúla, tacaí breise do phobail agus d’eagraíochtaí pobail agus naisc iompair fheabhsaithe chuig na hoileáin, lena n-áirítear seirbhís aeir nua d’Inis Bó Finne.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Donnacha Ó Neachtain, TD: “Is rí-shoiléir, mar gheall ar an bpaindéim, gur féidir athrú go cianobair a dhéanamh ar fud na hÉireann, rud a thabharfadh deis beocht nua a chur i bpobail faoin tuath in Éirinn, agus pobail nua a thógáil inti. Tá sé riachtanach go dtapófar le Buiséad 2022 an deis seo chun cabhrú le cumasú an athraithe sin go cianobair san fhadtéarma.

 “Táthar á mholadh san aighneacht réamh-Bhuiséid ón gCoiste go soláthrófar cúnamh airgeadais agus tacaí oiliúna, sa chéad ásc, chun tacú le fostóirí de chuid na n-earnálacha poiblí agus príobháidí comhaltaí foirne a spreagadh chun obair sa bhaile nó i mol cianoibre.”

Tá roinnt moltaí suntasacha déanta sa tuarascáil réamh-Bhuiséid i ndáil le heagraíochtaí pobail agus leis an earnáil shaorálach agus charthanúil.

Dúirt an Teachta Ó Neachtain: “Is iad na grúpaí seo crann taca an tsaoil in Éirinn mar chuireann siad poist, turasóireacht, tacaí cúraim agus sláinte agus tithíocht ar fáil do líon suntasach de dhaonra na tíre. Tá sé riachtanach go bhfaigheann siad tacaíocht. Ar an dóigh chéanna, tá roinnt scéimeanna agus tionscnamh faoin tuath in Éirinn nach foláir iad a chosaint.”

I ndeireadh báire, déantar 45 mholadh sa tuarascáil chun tacú le pobail, forbairt tuaithe agus leis na hOileáin, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

·       Tá socruithe maoiniúcháin ilbhliantúla a mhairfidh trí bliana go cúig bliana bunaithe chun a chumasú don Earnáil Charthanúil agus Shaorálach pleanáil fhadtéarmach a éascú agus a chumasú ar bhealach níos fearr, chun cabhrú le comhaltaí foirne a earcú agus a choinneáil go héifeachtach, agus ar an tslí sin, seachadfar tuilleadh seirbhísí níos fearr agus níos inmharthana dá bharr.

·       Maoiniú chun a chinntiú go gcuirfear na tacaí agus na coinníollacha céanna is a sholáthraítear do sheirbhísigh phoiblí ar fáil do chomhaltaí foirne in eagraíochtaí pobail agus saorálacha Státmhaoinithe

·       Maoiniú le haghaidh dífhibrileoirí ar a mbíonn rochtain 24 uair an chloig i ngach baile agus sráidbhaile ar fud na tíre

·       An maoiniú le haghaidh na Scéime Feabhsúcháin Áitiúil a dhúbailt]

·       Go gcuirfear €10 milliún ar fáil chun móroibreacha agus mionoibreacha forbartha caipitil ar na hoileáin a mhaoiniú go díreach

·       An maoiniú le haghaidh sheirbhísí aeir agus farantóireachta na nOileán a mhéadú

·       Seirbhís aeir nua d’Inis Bó Finne a mhaoiniú – ar feadh trí lá sa tseachtain i dtosach

·       An maoiniú le haghaidh Choimisiún Forbartha an Iarthair a dhúbailt

·       Méadú ar Chiste an Chláir Feabhsaithe Pobail ó €4.5 milliún go €10 milliún

·        Méadú ar an gCiste Clár

·       Maoiniú breise le haghaidh Scéim na Siúlóidí

·       €44 mhilliún le haghaidh an Tionscnaimh Comhphobail um Fhorbairt Tuaithe

·       Maoiniú agus tacaíocht chun grúpaí de chuid Aois-Ghníomhaíocht Éireann a chur ar bun i limistéir thuaithe 

Rinne an Comhchoiste de Theachtaí Dála agus Seanadóirí scrúdú ar gach caoi inar féidir an saol faoin tuath in Éirinn a chur chun cinn agus a chosaint mar chuid de chlár oibre réamh-Bhuiséid an Chomhchoiste.

Ghabh an Teachta Ó Neachtain buíochas le heagraíochtaí agus pearsana aonair leasmhara a rinne aighneachtaí nó a ghlac páirt i gcruinnithe poiblí faoin ábhar. Ghabh sé buíochas le Pól Ó Donnghaile T.D., a ghníomhaigh mar rapóirtéir dúinn ar an tuarascáil seo as an obair chrua a rinne sé agus as an díograis a léirigh sé i leith an ábhair.

Léigh an tuarascáil agus na moltaí atá inti.

 

Barr
Roinn