Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foilsíonn Comhchoiste Oireachtais tuarascáil ar thuarascáil an Choimisinéara Teanga i dtaca le cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 – An Garda Síochána

4 Lún 2021, 10:26

Inné, leag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a thuarascáil ar thuarascáil an Choimisinéara Teanga ar an nGarda Síochána, maidir le cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe a rinneadh faoi fho-alt 21(f) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 – An Garda Síochána faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: "Chomhaontaigh mo Chomhchoiste an 5 mholadh seo a leanas mar chuid dár dtuarascáil:

(1)        Go gcomhaontaíonn Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal    Labhartha na Gaeilge leis na moltaí atá leagtha síos ag an gCoimisinéir Teanga i gcomhair an Gharda Síochána.

(2)        Go gcomhaontaíonn Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge nach bhfuil na moltaí sin curtha i bhfeidhm go sásúil ag Coimisinéir an Gharda Síochána agus go bhfuil freagracht air iad a chur i bhfeidhm go práinneach.

(3)        Go n-iarrann an Comhchoiste ar an gCeann Comhairle, ar Chathaoirleach an tSeanaid agus ar an gCoiste Gnó am a chur ar leataobh i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann chun na tuarascálacha seo agus an bhun-tuarascáil ón gCoimisinéir Teanga féin a phlé sa Dáil agus sa Seanad féin chomh luath agus is féidir.

(4)        Go mbeidh ar Choimisinéir an Gharda Síochána tuarascáil bhliantúil a leagan os comhair an dá Theach den Oireachtas, ina léireofar an dul chun cinn atá déanta aige nó aici le linn na bliana roimhe sin, chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht, agus chun seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil taobh amuigh den Ghaeltacht, agus  chun líon na nGardaí dátheangacha, i ngach grád sa Gharda Síochána a mhéadú.

(5)        Go mbeidh dualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána teacht os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus an tuarascáil bhliantúil sin a phlé leis."

Tá an tuarascáil ón gComhchoiste ar fáil ar shuíomh idirlín an Chomchoiste.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo.

Barr
Roinn