Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint chun ceapadh Toscairí Speisialta agus an cor san Afganastán a phlé leis an Aire Ó Cómhanaigh

30 Lún 2021, 13:30

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint amárach, Dé Máirt, an 31 Lúnasa leis an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Síomón Ó Cómhanaigh T.D. chun ceapadh Toscairí Speisialta agus an cor san Afganastán a phlé.

Beidh an cruinniú ar siúl i dTeach Laighean, Seomra Coiste 2, ar 5 p.m.

Ar labhairt dó roimh an gcruinniú, Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Cathal Ó Flanagáin T.D: “Bhí an cinneadh le déanaí ón Rialtas Toscaire Speisialta um Shaoirse Cainte a cheapadh ina chúis le himní agus conspóid phoiblí.

Tá sé seo ag déanamh imní don Choiste freisin agus cuireann sé fáilte roimh an idirghabháil seo leis an Aire chun róil den sort sin a phlé, lena n-áirítear an réasúnaíocht ba bhun le ceapadh toscairí, na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna is gá agus na próisis agus na nósanna imeachta bainteacha.

Dúirt an Teachta Ó Flanagáin freisin: “Tugtar, leis an gcruinniú seo, deis thráthúil don Choiste nuashonrú a fháil ón Aire maidir leis an gcor reatha san Afganastán lena n-áirítear an t-aslonnú éigeandála le déanaí agus an cúnamh reatha atá á sholáthar do shaoránaigh agus do chónaitheoirí atá fós san Afganastán.

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Ghnóthaí Eachtacha agus Cosaint, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Féadfar breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtas, atá ar fáil d’fheistí Apple agus Andróideacha.

Breathnaigh ar an gcruinniú beo.

 

Barr
Roinn