Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste Oireachtais um Thithíocht chun tús a chur le scrúdú réamh-reachtach ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt, 2021.

6 MFómh 2021, 13:23

Déanfaidh an Comhchoiste Oireachtais um Thithíocht tús a chur le scrúdú réamh-reachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) (Forbairt Cónaithe Mórscála) ag cruinniú i dTeach Laighean amárach, Dé Máirt, an 7 Meán Fómhair.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 2, ar 12.30pm

Beidh an tArd-Chomhairleoir Pleanála ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Paul Hogan, agus a chomhghleacaithe ón Rannán Pleanála, Colin Ryan, Conor O’Sullivan agus Ciara Gallagher, i láthair.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Stiofán Mac Mathúna TD: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an idirghabháil seo chun na sonraí a phlé agus chun tuairim an choiste ar Scéim Ghinearálta an Bhille thábhachtaigh seo a chur in iúl. Moltar leis an mBille FCM na socruithe tús áite pleanála a tugadh isteach in 2017 a ionadú maidir le Forbairtí Straitéiseacha Tithíochta. Ar phríomhghnéithe an Bhille seo, lena gcuirtear deireadh leis an bpróiseas FST, tá athbhunú ról na n-údarás áitiúil sa phróiseas cinnteoireachta. Déanfar iarratais pleanála ar fhorbairtí den sórt sin a cuireadh roimhe seo go díreach roimh an mBord Pleanála, a chur anois faoi bhráid an údaráis áitiúil. Tá an Coiste ag tnúth le cloisteáil faoi thionchar na FST, faoi na moltaí nua pleanála atá á gcur chun cinn mar mhalairt orthu agus faoi ghafacht na n-údarás áitiúil sna moltaí seo.”

Breathnaigh ar an gcruinniú beo.

Barr
Roinn