Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Fochoiste Oireachtais chun bualadh leis an Aire Meabhairshláinte, Máire de Buitléir

13 MFómh 2021, 15:30

Ag cruinniú i dTeach Laighean amárach, Dé Máirt an 14 Meán Fómhair, gheobhaidh an Fochoiste um Meabhairshláinte an t-eolas is déanaí ón Aire um Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Máire de Buitléir, maidir le seirbhísí meabhairshláinte agus an tslí a raibh tionchar ag an bpaindéim orthu.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 4 ar 12.30pm agus is ar mhodh fíorúil a bheidh sé.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Seanadóir Frances Black: “Is é seo an chéad deis atá ag an bhfochoiste idirphlé a bheith aige leis an Aire de Buitléir ó foilsíodh ár dtuarascáil dar teideal Tuarascáil Eatramhach ar Covid-19 agus a thionchar ar Sheirbhísí Meabhairshláinte sa Phobal, inar díríodh aird ar roinnt saincheisteanna agus ina ndearnadh sraith moltaí i dtaobh seirbhísí meabhairshláinte.

“Tá Covid-19 agus tionchar an víris agus an freagairt don phaindéim tar éis cur go mór leis an éileamh ar thacaíocht mheabhairshláinte agus is mó an brú dá bharr sin ar sheirbhísí meabhairshláinte atá faoi róbhrú cheana féin.

“Is mian le Comhaltaí plé a bheith acu leis an Aire maidir leis na hacmhainní, na tacaíochtaí, na pleananna agus an maoiniú do sheirbhísí meabhairshláinte atá ann faoi láthair is seirbhísí atá bunaithe ar an bpobal agus ar an ospidéal, agus leis na pleananna agus tionscnaimh atá á bhforbairt chun liostaí feithimh le haghaidh rochtain a fháil ar chabhair a laghdú, chun acmhainn na seirbhísí láithreacha a mhéadú agus seirbhísí tacaíochta nua a fhorbairt lena ndéanfar freastal ar an éileamh atá ag dul i méid.”

Breathnigh ar an gcruinniú beo.

Barr
Roinn