Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal chun breithniú a dhéanamh ar achainíocha a cuireadh faoina bhráid agus chun soláthar díreach agus nithe gaolmhara a phlé

15 MFómh 2021, 16:45

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Achainíocha ón bPobal amárach, Déardaoin, an 16 Meán Fómhair, chun breithniú a dhéanamh ar achainíocha ó dhaoine den phobal agus, freisin, chun athchromadh ar phléití ar Soláthar Díreach agus ar nithe gaolmhara.

Ag an gcruinniú ar 12.30pm i Seomra Coiste 4 de Theach Laighean, pléifear Soláthar Díreach leo seo a leanas:

·       Ionadaithe ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) – Sinéad Gibney, An Príomhchoimisinéir; Colm O’Dwyer AS, Comhalta den Choimisiún; An tOllamh Kathleen Lynch, Comhalta den Choimisiún.

·       Ionadaithe ó Chumann Dlí na hÉireann– Stephen Kirwan, Comhalta den Choiste um Chearta an Duine agus Comhionannas.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste an Teachta Máirtín de Brún: “Tá an Coiste ag tnúth le beartas soláthair dhírigh agus nithe gaolmhara a phlé le hionadaithe IHREC agus leis an gCumann Dlí.

“Breithneoidh Comhaltaí líon achainíocha freisin, lena n-áirítear ceann a bhaineann leis an gceart chun pósta, iarraidh ar Rialtas na hÉireann chun tacú le fiosrú idirnáisiúnta faoi ionsaithe mhí Lúnasa 2017 in Barcelona agus Cambrils, agus iarraidh ar staidéar féidearthachta i dtaobh chóras iompair feithiclí uathrialaitheacha faoi thalamh ‘Lúb Bhaile Átha Cliath.’

“Tá achainíocha again freisin lena n-iarrtar ‘deireadh a chur leis na seandlíthe gealltacha mí-loighiciúla in Éirinn agus a cheangal gur gá ‘níos mó ná móramh simplí chun reachtaíocht a achtú lena sriantar saoirse phearsanta an daonra trí chéile’.”

Is Buanchoiste de chuid Thithe an Oireachtais an Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus tá 11 Chomhalta air, seachtar ón Dáil agus ceathrar ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 4 beo ar Oireachtas TV.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn