Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht chun tús a chur le Grinnscrúdú Réamhreachtach ar Bhille Thailte Éireann, 2020

15 MFómh 2021, 15:45

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht amárach, Déardaoin, an 16 Meán Fómhair, chun tús a chur le Grinnscrúdú Réamhreachtach ar Bhille Thailte Éireann, 2020.

Tiocfaidh an Coiste le chéile ar 12.30 p.m. i Seomra Coiste 3 de Theach Laighean chun Ceannteidil an Bhille a phlé le hoifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Stiofán Mac Mathúna: “Déantar socrú le Bille Thailte Éireann, 2020 maidir leis an Oifig Luachála, an Údarás Clárúcháin Maoine agus Suirbhéireacht Ordanáis Éireann a chónascadh, trí eagraíocht nua a bhunú ar a dtabharfar Tailte Éireann. Tá an Coiste ag tnúth le Ceannteidil an Bhille a phlé le hoifigigh ón Roinn.”

Tá 14 Chomhaltaí ar gComhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn