Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Fochoiste um Meabhairshláinte le dúnadh Ionad Abhainn na Cora i gCorcaigh a phlé

20 MFómh 2021, 13:28

Beidh cruinniú ag an bhFochoiste um Meabhairshláinte le hionadaithe ó FSS amárach, Dé Máirt, an 21 Meán Fómhair i dTeach Laighean le dúnadh Ionad Abhainn na Cora i Mainistir na Corran, Contae Corcaí a phlé.

Tionólfar an cruinniú cianda i Seomra Coiste 4 ar 12.30 p.m.

Láithreoidh Michael Fitzgerald, Príomhoifigeach, Cúram Sláinte Chorcaí/Chiarraí; An Dr Sinead O’Brien, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Cliniciúil, Seirbhís Meabhairshláinte Chorcaí agus Sainchomhairleoir Síciatrach; agus Jim Ryan, Ceann Oibríochtaí Meabhairshláinte go cianda os comhair an Choiste don chruinniú.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Seanadóir Frances Black, “Is é Ionad Abhainn na Cora an t-aon saoráid cónaithe fhadtéarmaigh agus faoisimh do dhaoine ar a bhfuil deacrachtaí trómhchúiseacha leanúnacha meabhairshláinte in Oirthear Chorcaí. Soláthraíonn an tsaoráid seo freisin seirbhísí lae dá chónaitheoirí agus do chliaint eile den Fhoireann Meabhairshláinte Pobail áitiúil. Dúradh le teaghlaigh na 19 gcónaitheoirí san ionad ag deireadh mhí an Mheithimh go rabhthas leis an ionad a dhúnadh ar bhealach céimniúil roimh dheireadh na míosa seo chugainn.

Tá an dúnadh beartaithe seo ag déanamh mór-imní do na teaghlaigh lena mbaineann agus do thacadóirí meabhairshláinte. Is ann d’fhíor-imní faoin tionchar is leithne a bheidh ag an dúnadh seo ar sholáthar seirbhíse meabhairshláinte in Oirthear Chorcaí. Tá an fochoiste tar éis teacht le chéile go príobháideach chun an tsaincheist seo a phlé agus cuireann na Comhaltaí fáilte roimh an deis cruinniú a bheith acu le hionadaithe ó FSS chun plé a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an dúnadh beartaithe, ar céard atá i ndán do na cónaitheoirí agus don fhoireann mar gheall ar an dúnadh céimnithe agus, go háirithe, ar an méid is féidir a dhéanamh chun an dúnadh síos a sheachaint agus chun an tseirbhís rí-luachmhar seo a chosaint.

Féadfar breathnú ar imeachtaí beo.

Barr
Roinn