Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le bualadh le Coimisinéir na Breataine Bige

21 MFómh 2021, 11:50

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach, Dé Céadaoin an 22 Meán Fómhair, leis an gCoimisinéir Breatnaise, Aled Roberts chun: ‘Beart na Breatnaise agus na Caighdeáin a leagtar síos leis’ a phlé.

Tionólfar an cruinniú ar 2p.m. i Seomra Coiste 1, mar a dtiocfaidh an Coimisinéir Roberts i láthair go cianda ón mBreatain Bheag.

Deir Cathaoirleach an Choiste an Teachta Aengus Ó Snodaigh: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis éisteacht leis an gCoimisinéir Breatnaise faoina thaithí maidir le socrú caighdeán teanga a oibriú agus faoin réimse forfheidhmiúcháin sa Bhreatain Bheag go dtí seo.”

“Tá na Comhaltaí ag tnúth le plé fad-raoin leis an Uasal Roberts, go háirithe i dtéarmaí an róil, formhaoisithe, taithí agus, ar ndóigh, na ndúshlán atá roimh an gCoimisinéir Breatnaise. Is tráthúil an deis í seo don Chomhchoiste dul i mbun idirghabháil cheacht-fhoghlamtha, go háirithe i ndáil le samhail a bhunú le haghaidh caighdeáin a shocrú agus a fhorfheidhmiú atá oiriúnach don chríoch.”

“Ar na rudaí is díol spéise don Choiste, tá straitéis Rialtas na Breataine Bige Cymraeg 2050, lena n-imlínítear mar chuspóir milliún cainteoir Breatnaise a bheith ann faoi 2050. Tá de rian ar an straitéis seo cuspóir den tsamhail arna leagan amach in Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ina n-imlínítear mar sprioc uaillmhianach an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá mhéadú “ón leibhéal atá ann faoi láthair de thart ar 83,000 go 250,000.” Ba chóir go bhfaighidh Comhaltaí den Chomhchoiste le linn ár n-idirghabháil leis an Uasal Roberts amárach tuilleadh léargais ar chur chuige na Breataine Bige chun an cuspóir inmholta, mór-uaillmhianach seo a ghnóthú. Ba chóir go dtabharfaí le fios go bhféadfadh cur chuige na Breataine Bige a bheith ina lóchrainn solais do go leor in Éirinn, lena n-áirítear san earnáil Stáit agus don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán í féin, a bhí, i mo thuairim féin, ró-chúramach agus ró-mhaorlathach ina cur chuige agus ina forfheidhmiú pleananna agus scéimeanna chun ár dteanga náisiúnta a athbheochan.”

Tá 14 Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge: naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.
Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Chun tuilleadh a léamh faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, gliogáil anseo.

Barr
Roinn