Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le bualadh le Príomhfheidhmeannach Raidió Teilifís Éireann, Dee Forbes

5 DFómh 2021, 12:13

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach, Dé Céadaoin, an 6 Deireadh Fómhair 2021, le Príomhfheidhmeannach Raidió Teilifís Éireann, Dee Forbes Uasal, ina bpléifear an t-ábhar: ‘Cláir Ghaeilge, idir chláir nuachta, faisnéise agus araile, agus gach gné a bhaineann leo’. Tionólfar an cruinniú ar 2.00 iarnóin i Seomra Coiste 3.

Deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh Uasal:

“Is gá go gcraolfar cláir as Gaeilge, i ngach seanrá agus go rialta, ar  ár mbealaí teilifíse náisiúnta; ar RTÉ 1, RTÉ 2 agus ar TG4, seachas ar TG4 amháin. Tá gá go dtarlaíonn na cláir seo go rialta, seachas anois is arís. Is go mbeidh na cláir seo, idir chláir nuachta, faisnéise agus araile chomh gairmiúil, chomh dea-dhéanta agus chomh fairsing lena macasamhail as Béarla.

Tá feidhm agus dualgas ar leith ag RTÉ, mar stáisiún náisiúnta na hÉireann, stáisiún a fhaigheann lear mór airgid ón gceadúnas-íocóir, seirbhís craoltóireachta trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil don cheadúnas-íocóir céanna. Faoi láthair agus le blianta fada anuas, níl seirbhís Gaeilge sách maith á soláthar ag RTÉ, agus tá pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge, ar daoine iad a íocann a gceadúnais teilifíse gach bliain, cosúil le daoine eile, thíos as ganntanas na gclár Gaeilge atá ar fáil dóibh.

Is gá freisin go mbeidh deis níos mó ag léiritheoirí, láithreoirí, aisteoirí, lucht féachana agus araile páirt a ghlacadh i léirithe Gaeilge nó dátheangacha ar bonn rialta. Ní leor corr-dheis gach cúpla bliain. Is gá le deiseanna rialta agus leanúnacha a bheith ar fáil dóibh chun earnáil léirithe na Gaeilge a fhorbairt. Tá feidhm mhór ag RTÉ agus ag an Rialtas araon i bhforbairt na hearnála seo, agus beidh an Comhchoiste ag iarraidh na féidearthachtaí a phlé leis na hionadaithe ó RTÉ ag ár gcruinniú amárach.”

Tá 14 Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge: naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad. Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Chun tuilleadh a léamh faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, gliogáil anseo.

Barr
Roinn