Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste Talmhaíochta chun athchromadh ar dhíospóireacht faoin Treoir um Níotráití agus faoin gClár Gníomhaíochta um Níotráití

13 DFómh 2021, 13:45

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir inniu, Dé Céadaoin, an 13 Deireadh Fómhair ar 5.30 p.m. chun athchromadh ar dhíospóireacht, ina dá sheisiún, faoin Treoir um Níotráití agus monatóireacht ar cháilíocht uisce leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus faoin Treoir um Níotráití agus Clár Gníomhaíochta na hÉireann le hoifigigh ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Craolfar an cruinniú ó Sheomra Coiste 3 de Theach Laighean.

Tá an Treoir um Níotráití (91/676/EEC) ar bun ó 1991. Tá d’aidhm aici cáilíocht uisce a chosaint ó thruailliú ag foinsí talmhaíochta agus chun úsáid dea-chleachta feirmeoireachta a chur chun cinn. Ceanglaítear ar gach Ballstát AE Cláir Gníomhaíochta Náisiúnta um Níotráití (CGN) a ullmhú ina léirítear na rialacha d’aoiligh bheostoic agus leasacháin eile a bhainistiú agus a fheidhmiú.

Tá an Clár Gníomhaíochta Náisiúnta um Níotráití de chuid na hÉireann ceaptha chun uiscí dromchla agus uiscí talún a chosaint ó thruailliú ag foinsí talmhaíochta agus chun cáilíocht uisce a chosaint agus a fheabhsú. Tháinig an ceathrú CGN de chuid na hÉireann i ngníomh in 2017 agus athbhreithneofar é in 2021.

Ní mór a bheith ar áireamh i CGN gach Ballstáit:

  • teorainn ar an méid d’aoileach beostoic atá le cur ar an talamh gach bliain
  • tréimhsí a shocrú a dtoirmisctear scaipeadh a dhéanamh ar an talamh lena linn mar gheall ar phriacal
  • leibhéil acmhainne a shocrú le haghaidh aoileach beostoic a stóráil

Ceanglaítear ar Bhallstáit a CGN a athbhreithniú gach ceithre bliana ar a laghad. Athbhreithneofar Clár Gníomhaíochta reatha de chuid na hÉireann le linn 2021.

Mhínigh an Cathaoirleach, Seán Ó Cathail TD: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis an Treoir um Níotráití agus cáilíocht uisce a phlé ag an gcruinniú inniu le GCC. Tá sé tábhachtach go n-oibreoidh na gníomhaireachtaí iomchuí, Earnáil na Talmhaíochta agus na feirmeoirí le chéile chun a chinntiú go mbeidh dea-bhail ar ár gcórais uisce, lochanna, aibhneacha agus inbhir agus go n-oibríonn gach duine chun an tionchar daonna a mhaolú a mhéid is féidir.”

Dúirt an Cathaoirleach freisin: “Tacaíonn an Coiste agus mé féin le prionsabal bunúsach an Chláir Gníomhaíochtaí um Níotráití – arb éard é an tionchar comhshaoil ar uisce dromchla agus talún a laghdú ag tionscal na feirmeoireachta.

Ach chun an t-imní a bhí orainn roimhe seo a athrá, d’fhéadfadh go mbeidh éifeachtaí fadtéarmacha le hathruithe beartas gearr-radharcacha ar earnáil na talmhaíochta agus earnáil na feirmeoireachta againn- tá gá le réitigh fhad-radharcacha. Tá imní fós ann faoin tionchar ar ioncaim feirme agus faoina mhéid a thacófar le feirmeoirí chun na bearta nua a chur i bhfeidhm.

Táimid ag tnúth le bualadh leis na Ranna inniu chun na saincheisteanna seo agus na hathruithe táchachtacha beartas a phlé.

Tá 14 Chomhaltaí ar an gComhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 3 ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise ar leathanach gréasáin tiomanta an Choiste. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Jason Kiernan

Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2

+353 1 618 4486

+353 86 701 5235 

jason.kiernan@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn