Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Aird an Aire agus an Rialtais a dhíriú ar an tacaíocht cheart agus an cúnamh dearfach i gcomhair teaghlaigh a dhéanann iarracht a gclann a thógáil trí Ghaeilge

19 DFómh 2021, 13:11

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach, Dé Céadaoin, an 20 Deireadh Fómhair 2021, le hionadaithe ó Ghlór na nGael agus ionadaithe ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, ina bpléifear na hábhair: ‘An Ghaeilge mar Theanga Teaghlaigh – na Dúshláin’ agus ‘Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht: Torthaí – Tuismitheoirí na Gaeltachta – Aibreán 2021’. Tionólfar an cruinniú ar 1.30 iarnóin i Seomra Coiste 4.

Deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh Uasal:"Mura mhaireann an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh, ní féidir léi maireachtáil mar theanga phobail. Agus tá a fhios againn go léir cé chomh deacair is atá sé clann a thógáil trí Ghaeilge, agus an domhain mór Béarla ag brú isteach ar an teaghlach Gaelach an t-am go léir. Tá a fhios sin ag gach uile thuismitheoir, sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht, a rinne iarracht, nó atá ag déanamh iarracht sa lá atá inniu ann, an gníomh sin a bhaint amach, cé chomh deacair is atá sé.

Agus tá sé soiléir nach bhfuil sé indéanta gan an tacaíocht cheart a fháil ón Rialtas. Ní leor focail báúla. Tá gá le tacaíocht agus cúnamh dearfach, tacaíocht agus cúnamh nach bhfuil ann faoi láthair. Is iad an tacaíocht agus an cúnamh sin a bheidh Comhaltaí an Chomhchoiste ag iarraidh a léiriú ag ár gcruinniú amárach, agus iad léirithe againn, beidh súil againn aird an Aire agus an Rialtais a dhíriú orthu."

Tá 14 Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge: naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad. Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Chun tuilleadh a léamh faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, gliogáil anseo.

Barr
Roinn