Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste Oireachtais chun leathnú amach an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta do Thuath na hÉireann a phlé

19 DFómh 2021, 15:55

Gheobhaidh an Comhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin nuashonrú amárach, Dé Céadaoin an 20 Deireadh Fómhair faoi leathnú amach an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta do Thuath na hÉireann.

Ar na hoifigigh a thiocfaidh i láthair an chruinnithe i Seomra Coiste 3 ar 9.30 a.m., tá Ciarán Ó hÓbáin, Leas-Rúnaí don Rannán Cumarsáide, an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide; Fergal Mulligan, Stiúrthóir Cláir do Phlean Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an Dr Stjohn O’Connor, Príomhoifigeach ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Donnacha Ó Neachtain TD: “Mar gheall ar an bpaindéim agus an aistriú go cian-obair, tá ardú tagtha ar fheasacht agus ar an ngá le leathanbhanda ard-luais i ngach limistéar den tír.

“Tá an clár ríthábhachtach seo do thuath na hÉireann i bhfad ar gcúl de réir sceidil. Mar gheall ar na moilleanna seo, ní bheidh rochtain ar leathanbhanda ard-luais ag na mílte tithe teaghlaigh ar chóir rochtain a bheith acu air faoi dheireadh na bliana seo chugainn faoi na cuspóirí bunaidh mura gcuirfear plean athdheise i bhfeidhm. “Is mian leis an gCoiste nuashonrú a fháil ó oifigigh na Roinne faoin obair a rinneadh ó síníodh conradh an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta in 2019. Ar na saincheisteanna is mian linn a phlé, tá na cúiseanna leis na moilleanna nuair a ceadaíodh an obair – ó measadh gur obair riachtanach í – i rith na paindéime agus na pleananna chun aghaidh a thabhairt ar na moilleanna.”  

 

Féadfar breathnú ar imeachtaí beo. 

Barr
Roinn