Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foilsíonn an Comhchoiste um Meáin an Tuarascáil maidir leis an nGrinnscrúdú Réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne, 2020

2 Samh 2021, 12:05

Foilsíonn an Comhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin a thuarascáil inniu maidir leis an nGrinnscrúdú Réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne, 2020.

Sa tuarascáil uaidh, déanann an Coiste 33 mholadh maidir leis na réimsí a ndírítear aird orthu sa reachtaíocht, lena n-áirítear forálacha sonracha a bhaineann leis an tobhach ábhair beartaithe a bhunú agus a oibriú, sásraí maidir le gearáin aonair, ábhar neamhdhleathach agus dochrach a rialáil, caighdeáin fógraíochta, feidhmeanna Choimisiún na Meán agus go háirithe Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne a bhunú. Clúdaítear leis na moltaí freisin an Bille Craolacháin (Leasú), 2019 agus an Bille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne a chomhtháthú agus an Treoir Eorpach athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc a thrasuí.

Agus í ag seoladh na tuarascála, dúirt an Teachta Niamh Nic Gabhann, Cathaoirleach an Choiste: “Is píosa reachtaíochta é an Bille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne a bhfuil raon feidhme ollmhór ag baint leis, agus, nuair a achtófar é, beidh Éire i measc na gcéad tíortha ar domhan chun ardáin ar líne a rialáil go sistéamach. Tá an Coiste tar éis páirt a ghlacadh i bpróiseas grinnscrúdaithe réamhreachtaigh fairsing agus téagartha chun tábhacht mhór an Bhille seo a léiriú agus chun breithniú críochnúil a dhéanamh ar na tionchair leathana – tionchair dhiúltacha agus dhearfacha araon – a bheidh ag ábhar an Bhille seo.

“Iarrfaimid go ndéanfar sásra maidir le gearáin aonair a bhunú le haghaidh ardáin shainainmnithe ar líne, go luafar Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne go sainráite sa reachtaíocht, go gceanglófar ar ardáin shainainmnithe ar líne sonraí a sholáthar le haghaidh taighde ar mhaithe le leas an phobail agus go dtabharfar cosaint do leanaí agus spásanna ar líne á gcuardach acu ionas nach mbeidh siad leochaileach i leith próifíliú sonraí nó fógraí dochracha.

“Le linn don phróiseas grinnscrúdaithe réamhreachtaigh seo a bheith á chur i gcrích ag an gCoiste, ba é an saoránach Éireannach an chloch ba mhó ar a phaidrín. Leis na 33 mholadh atá déanta againn, tá tús áite á thabhairt againn do bhearta éifeachtúla agus téagartha chun creat rialála barrmhaith a sholáthar don timpeallacht ar líne agus do thírdhreach uileghabhálach na meán, a mhéid a bhaineann siad siúd le raon feidhme an Bhille.”

Áirítear ar na moltaí ríthábhachtacha a rinne an Coiste na moltaí seo a leanas:

  • Go ndéanfar foráil go sonrach sa Bhille maidir leis an modh ar a mbaileofar an tobhach ábhair, an páirtí a bheidh freagrach as an tobhach a bhailiú, luach an tobhaigh de réir céatadáin, agus na soláthraithe a bheidh faoi dhliteanas an tobhach a íoc;
  • Gurb iad soláthraithe neamhspleácha amháin a bheidh in ann dul san iomaíocht le haghaidh scéimeanna arna maoiniú leis an tobhach ábhair;
  • Go ndéanfar forálacha maidir le scéim um ghearáin aonair laistigh de Scéim Ghinearálta an Bhille agus go dtabharfar freagairt leis na forálacha seo do riachtanais agus do chosaint leanaí agus grúpaí leochaileacha eile, agus go mbeidh nósanna imeachta chun ábhar a bhaint anuas agus bearta cuí eile ar áireamh iontu;
  • Go ndéanfar leasú ar Cheann 52A de Scéim Ghinearálta an Bhille chun ceanglas a chur leis maidir le hardáin meán sóisialta do sholáthar tuarascáil ráithiúil do Choimisiún na Meán faoin gcaoi a bheidh siad ag láimhseáil gearán.
  • Go ndéanfar athrú ar an mBille chun eisiamh maidir le hábhar clúmhillteach a bhaint de, chomh maith le heisiamh sáruithe ar chosaint sonraí, ar phríobháideachas, ar chosaintí do tomhaltóirí agus ar dhlí an chóipchirt a bhaint de;
  • Go ndéanfar gach tagairt d’intinn a eisiamh ó mhínithe ar chatagóirí d’ábhar díobhálach ar líne;
  • Go ndéanfar mífhaisnéis agus díobháil airgeadais, lena n-áirítear cearrbhachas, a áireamh mar chatagóirí d’ábhar díobhálach ar líne;
  • Go ndéanfar tagairt shoiléir do leitheadúlacht agus do shuíomh ábhair ar líne le linn ábhar díobhálach a bhreithniú.
  • Go ndéanfar Ceannteideal 49C den Scéim Ghinearálta a leasú chun go gcuirfear in iúl aois íosta ag a gceadófar do leanbh cuntas a chruthú le seirbhísí sainainmnithe ar líne.
  • Leasaítear Ceann 19 de Scéim Ghinearálta an Bhille chun seasamh an Choimisinéara um Shábháilteacht ar Líne a áireamh.
  • Ba cheart go mbeadh go leor acmhainní ar fáil do Choimisiún na Meán agus don Choimisinéir um Shábháilteacht ar Líne, agus go mbeadh an leibhéal foirne agus saineolais leordhóthanach chun an acmhainn oibríochta agus an forfheidhmiú is fearr a bheith ann.
  • Go gcuirfear cosc le fógraíocht ar líne do leanaí, lena n-áirítear, ar a laghad, fógraí faoi bhia beagmhaitheasa, alcól, bia a bhfuil mórchuid saille/salainn/siúcra (HFSS) ann, agus cearrbhachas. Ba cheart go n-áireofaí sa Bhille moratóir freisin ar tháirgí foirmle do naíonáin a fhógairt ar líne agus go gcuirfí toirmeasc ar phróifíliú nó rianú d’aon chineál ar shonraí leanaí.

Dúirt an Teachta Nic Gabhann “De réir mar a tháinig an timpeallacht ar líne chun bheith fite fuaite de réir a chéile le saol gach cuid de dhaonra na hÉireann, rinne an Coiste iarracht tuiscint a fháil ar an tslí is fearr is féidir leis an reachtaíocht seo cearta an duine a urramú agus sábháilteacht gach úsáideora a chaomhnú ag an am céanna. Tá an obair seo ríthábhachtach anois do shochaí dhaonlathach agus iolraíoch. Féachann an Coiste go sainráite le rannpháirtíocht i bpróisis Choimisiún na Meán sa todhchaí a chosaint agus a chur chun cinn, ionas go bhféadfaidh an tírdhreach rialála forbairt ar shlí shofhreagrach agus éifeachtach.

“Ní féidir linn neamhaird a thabhairt ar thionchar na reachtaíochta seo ar chraoltóirí agus ar sholáthraithe seirbhíse ar líne: maidir leis an méid sin, chuireamar iliomad moltaí ar aghaidh mar spreagadh lena seasfar le prionsabail na soiléireachta agus na comhréireachta sa reachtaíocht.”

Ghabh an Teachta Nic Gabhann buíochas leis an líon mór páirtithe leasmhara a rinne aighneachtaí i scríbhinn agus a thug fianaise ó bhéal don Choiste, lena n-áirítear an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí tionscail eile, agus ionadaithe ó na meáin, craoltóirí, léiritheoirí closamhairc, seirbhísí ar éileamh agus cuideachtaí meán sóisialta a ghlac páirt ríthábhachtach ann.

Tá an Tuarascáil ar an nGrinnscrúdú Réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne, 2020 ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Oireachtais.

14 Chomhalta atá ar an gComhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Spórt agus Meáin, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn