Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht

30 Samh 2021, 09:35

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge amárach, Dé Céadaoin, an 1 Nollaig 2021, le hionadaithe ó Chomhairlí Contae Chiarraí, Chorcaí agus na Mí agus ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge. Ag an gcruinniú seo, pléifear an t-ábhar ‘Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht’. Tionólfar an cruinniú ar 1.30 iarnóin i Seomra Coiste 4.

Deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh Uasal: -

Tuigeann muid go bhfuil an Ghaeltacht faoi léigear agus mura bhfásann pobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht tá an baol ann don Ghaeltacht féin. Agus ní thiocfaidh an fás sin, gan tithíocht chuí a bheith ar fáil do phobal agus sliocht na Gaeltachta, mar aon le tithíocht eile a bheith ar fáil do Ghaeilgeoirí amháin atá sásta lonnú sa Ghaeltacht agus a gclann a thógáil trí Ghaeilge.

Cén fáth, mar sin, a bhfuil fadhbanna i gcónaí ann nuair a dhéanann daoine áitiúla iarracht teach nua a thógáil sna ceantair Ghaeltachta, sna ceantair inar rugadh agus togadh iad? Cén fáth nach bhfuil gach cúnamh á dtabhairt don chéad ghlúin eile nuair a dhéanann siad iarracht fanacht ina gceantar dúchais féin, nó filleadh air tar éis am a chaitheamh ag obair nó ag staidéar lasmuigh don Ghaeltacht?

Seasann Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le cearta phobal na Gaeltachta, fanacht, cur fúthu agus a gclann a thógáil sa Ghaeltacht. Seasann an Comhchoiste le cearta na ndaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu, agus atá ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht. Seasann an Comhchoiste le Gaeltacht beo agus le fás na Gaeltachta.

Ach, ar an taobh eile, is gá pobal na Gaeltachta, mar phobal teanga-bunaithe, a chosaint ó ionradh an Bhéarla. Is pobal an-leochaileach agus faoi bhrú é pobal na Gaeltachta, agus is gá é a chosaint, go mórmhór sna ceantair ina bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge íseal. Is gá leis an gcosaint sin, chun a chinntiú nach mbáfar pobal beag Gaeltachta faoi mhaidhm mhór Bhéarlóirí ag teacht isteach agus anuas air. Is gá go gcinnteoimid nach ligfimid don fhorbairt gan shriain, lear mór tithe nua a lonnú i gceantair tuaithe Gaeltachta, agus teanga an phobail, sa siopa, sa scoil, sa séipéal, sa teach ósta, sa chumann CLG nó araile, a athrú, thar oíche, ó Ghaeilge go Béarla.

Pléifidh an Comhchoiste na fadhbanna seo, agus an tacaíocht agus an chosaint ata de dhíth le hionadaithe ó na 4 Comhairle Contae thuas luaite amárach, díreach mar a phléigh sé iad le hionadaithe ó Chomhairlí Contae Dhún na nGall, na Gaillimhe agus Maigh Eo ag a chruinniú ar an 24 Samhain 2021.

Tá 14 Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge: naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad. Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Chun tuilleadh a léamh faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, gliogáil anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Verona Ní Bhroinn,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 3881
+353 87 262 4132
verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn