Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge ag iarraidh Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht Nuachtán, Irisí agus Tréimhseachán Gaeilge a chur chun tosaigh

8 Márta 2022, 16:00

Amárach, Dé Céadaoin, 9 Márta, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge conas is féidir foilsitheoireacht agus léitheoireacht nuachtán, irisí agus tréimhseachán Gaeilge a chur chun tosaigh.

Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean, agus éistfidh an Comhchoiste le fianaise ón iris Ghaeilge ‘Feasta’ agus ó ‘Nós’ agus ó ‘Tuairisc.ie’, an iris Ghaeilge agus an nuachtán Gaeilge atá ar fáil ar líne.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Caithfear léitheoireacht i nGaeilge a spreagadh agus a chothú i measc na chéad ghlúine eile, i bhfoirm chruachóipe agus i bhfoirm leictreonach araon.

“Chun é sin a dhéanamh, ní mór dúinn a léiriú don aos óg go bhfuil na meáin Ghaeilge seo ann, go bhfuil siad ar fáil go héasca, agus go bhfuil siad ar ardchaighdeán.

“Ní mór dúinn a chur in iúl dóibh gur meáin iad na meáin Ghaeilge trína soláthraítear tráchtaireacht agus anailís atá taitneamhach, faisnéiseach agus siamsúil. Go ndéantar tráchtaireacht iontu ar chúrsaí reatha in Éirinn agus thar lear. Go gcludaíonn siad tuairisciú ar chúrsaí polaitíochta, sóisialta spóirt, litríochta, siamsaíochta, agus gach ábhar eile. Agus go mbaineann sé leo.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste: Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtas.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn