29 Márta 2022, 16:44
Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin amárach, Dé Céadaoin an 30 Márta chun fuinneamh inmharthana ar oileáin amach ón gcósta a phlé.
Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 3 de Theach Laighean idir 9:30-12:30.
Déanfaidh oifigigh ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus ionadaithe ó Chomharchumann Fuinnimh Oileáin Árann cur i láthair ag an gcruinniú.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Donnacha Ó Neachtain: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis fuinneamh inmharthana ar ár n-oileáin amach ón gcósta a phlé. Leagtar treochlár amach i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 chun a chinntiú gurb as foinsí inmharthana a thiocfaidh suas go 80% dár gcuid leictreachais faoi 2030. Fuarthas ceadú ón Dáil anuraidh le haghaidh údarás um fhorbairt inmharthana amach ón gcósta a bhunú.”
Agus an cogadh sa Úcráin faoi ar siúl i gcónaí agus an boilsciú ag dul in airde, tá gá le straitéis chun acmhainn na hÉireann um fhuinneamh amach ón gcósta a fhorbairt chun cabhrú le costas fóntas a ísliú san fhadtéarma agus chun poist a chruthú in earnáil an fhuinnimh.”
“Táimid ag tnúth leis na nithe seo agus le nithe eile gaolmhara a phlé le hionadaithe amárach.”
Fiosrúcháin ó na meáin
Áine McMahon
Tithe an Oireachtais
Oifigeach Cumarsáide
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 8707436
Twitter: @OireachtasNews