20 Aib 2022, 11:15
Leag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge dhá thuarascáil os comhair Thithe an Oireachtais an tseachtain seo caite.
Sa chéad tuarascáil, ‘Tuarascáil Bhliantúil 2020 / 2021 (7 Deireadh Fómhair 2020-31 Nollaig 2021)’, leagann an Comhchoiste sonraí a chuid imeachtaí agus cúraimí le linn an tréimhse seo os comhair na dTithe agus os comhair an phobail.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Cé go bhfuil Comhaltaí an Chomhchoiste sásta i láthair na huaire le himeachtaí reatha agus cúraimí an Chomhchoiste, nílimid sásta leis na seirbhísí atá ar fáil dúinn ó Sheirbhís Thithe an Oireachtais. Cé go bhfeidhmíonn an Comhchoiste go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge, níl na seirbhísí seo a leanas ar fáil dúinn as Gaeilge:
- Seirbhísí Leabharlainne agus Taighde;
- Seirbhísí Comhairle Dlí;
- Seirbhísí Craoltóireachta;
- Seirbhísí Caidrimh Phoiblí.
“Táimid den tuairim go bhfuil sé de cheart againn na seirbhísí sin a fháil inár dteanga oibre féin, agus sinn i mbun obair an Chomhchoiste; agus gur chóir go mbeadh na seirbhísí sin ar comhchéim leis na seirbhísí atá ar fáil do na Coistí eile go léir a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Ní hamhlaidh atá an scéal agus, mar sin, feidhmíonn an Comhchoiste faoi mhíbhuntáiste mór, i gcomparáid leis na Coistí eile, agus iad siúd i mbun a gcuid oibre.”
Sa tuarascáil eile, tugann an Comhchoiste léargas ar a thoscaireacht chuig Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ag deireadh mhí Feabhra 2022.
Dúirt an Teachta Ó Snodaigh: “Thar ceann an Chomhchoiste, molaim obair spreagúil Chonradh na Gaeilge agus na moltaí ar glacadh leo le linn an phlé a rinneadh ag an Ard-Fheis.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste: Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas coiste
Teachtaí