Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge ag leanúint ar aghaidh lena bhreithniú ar fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge

26 Aib 2022, 16:35

Amárach, Dé Céadaoin, 27 Aibreán, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge conas is féidir foilsitheoireacht agus léitheoireacht nuachtán, irisí agus tréimhseachán Gaeilge a spreagadh.

Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean, agus éistfidh an Comhchoiste le hionadaithe ón gComhairle Ealaíon, chomh maith le hÉanna Ó Caollaí Uasal, Iriseoir.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is é seo an ceathrú cruinniú den Chomhchoiste i sraith de chruinnithe ina bhfuil na Comhaltaí ag breithniú ar an ábhar ‘Ag spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge.

“Tá an Comhchoiste ag súil le cur agus cúiteamh fairsing agus faisnéiseach idir é féin, na hionadaithe ón gComhairle Ealaíon, ceann de na geallsealbhóirí is tábhachtaí i saol ealaíonta na hÉireann, agus Éanna Ó Caollaí, iriseoir a scríobhann ailt bhríomhar Ghaeilge san Irish Times gach seachtain.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste: Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtas.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn