Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeltachta conas ag éisteacht le tuairimí aosach óg ó gach cearn den tír

17 Beal 2022, 16:15

Amárach, Dé Céadaoin, an 18 Bealtaine 2022, éistfidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le daltaí ó na ceithre mheánscoil seo a leanas: Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg, Caisleán Uidhilín, Co. An Dúin; Coláiste Mhuire, Cabrach, Baile Átha Cliath 7; Coláiste na bPiarsach, Rosmuc, Co. na Gaillimhe; agus Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, Co Chiarraí.

Tosóidh an cruinniú ar 14.00 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

  • Seisiún 1 labhróidh na daltaí ar na hábhair: Todhchaí Éiceolaíocht na hÉireann; An féidir linn pobal Gaeilge nua-aoiseach a chruthú in Éirinn; agus Athruithe sa mhargadh fostaíochta i ndiaidh an Choróinvíris – Cad tá de dhíth ag an gCéad ghlúin eile.
  • Seisiún 2 beidh díospóireacht ar an ábhar: ‘Na Féidearthachtaí agus na Deiseanna atá ann do Dhaoine Dátheangacha Poist a fháil sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí’. Sa Sheisiún seo labhróidh roinnt  státseirbhísigh ó oifigí éagsúla sa Stát Seirbhís ar a dtaithí mar oifigigh dhátheangacha, agus labhróidh oifigigh as an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí ar na folúntais agus na deiseanna éagsúla atá ann sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí do fhostaithe dátheangacha faoi láthair, agus a bheidh ann dóibh sna blianta atá romhainn. Pléifidh na daltaí an t-ábhar seo leis na Comhaltaí agus na Státseirbhísigh.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is ócáid thábhachtach í seo ina mbeidh an Comhchoiste ag éisteacht le tuairimí aoiseach óg ó gach cearn den tír ar roinnt ábhar tábhachtach, agus chomh maith leis seo, is deis iontach í chun deis a thabhairt do dhaoine óga labhairt faoina dtodhchaí, mar a fheictear dóibh í.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste: Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Oireachtas TV.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn