Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scríbhneoirí na Gaeilge ag caint le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

28 Meith 2022, 16:30

Amárach, Dé Céadaoin, an 29 Meitheamh, labhróidh scríbhneoirí na Gaeilge, Anna Heussaff, Tadhg Mac Dhonnagáin, Éilís Ní Dhuibhne, agus Cathal Póirtéir, agus  Stiúrthóir an fhéile litríochta Gaeilge, Imram, Liam Carson, le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge faoi na dúshláin atá ann agus scríbhneoireacht na Gaeilge  á cur chun cinn.

Leanfaidh an cruinniú seo an  cruinniú a bhí ag an gComhchoiste leis na scríbhneoirí Celia de Fréine, Sadhbh Devlin, Réaltán Ní Leannáin agus Mícheál Ó Laoghaire an tseachtain seo caite. Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá a fhios ag an domhan mór nach bhfuil saol éasca ag aon scríbhneoir atá ag scríobh i mionteanga, agus atá i gcomórtas le scríbhneoirí na mórtheangacha, go háirithe an Béarla / an Meiriceánacha.

“Ach in ainneoin na ndeacrachtaí móra sin, tá scríbhneoireacht den scoth á cur i gcrích, bliain i ndiaidh bliana, as Gaeilge; bítear ag scríobh, ag fhoilsiú, agus ag léamh inti an t-am go léir. Is margadh beag an margadh seo, ach is margadh fiúntach é, agus is margadh é ar féidir linn é a fhás, má thugtar an tacaíocht agus an t-aitheantas ceart dó.

“Sin í an aidhm atá ag an gComhchoiste leis an tsraith cruinnithe atá ar siúl aige le cúpla mí anuas. Cuid lárnach den tionscadail is ea labhairt leis na scríbhneoirí Gaeilge féin. Idir cruinniú an lae amárach agus cruinniú na seachtaine seo caite, beidh tuairimí faighte ag an gComhchoiste ó ochtar scríbhneoirí Gaeilge a bhfuil saothair iontacha curtha amach acu thar na blianta. Cuirfidh sé sin go mór lenár n-eolas ar an earnáil seo, agus beidh tionchar dearfach ag na scríbhneoirí seo ar an tuarascáil a chuirfidh an Comhchoiste i gcrích ina dhiadh.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn