Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Na Siopaí Leabhar agus TG4 ag caint le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

5 Iúil 2022, 14:55

Amárach, Dé Céadaoin, an 7 Iúil, éistfidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le hionadaithe ó na siopaí leabhair  faoi mhargadh na leabhar Gaeilge agus an méid is féidir leo a dhéanamh, agus is féidir leis an Rialtas a dhéanamh, chun an margadh sin a fheabhsú.

Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Mura bhfuil leabhair Ghaeilge ar fáil sna siopaí, ní féidir leis an bpobal iad a cheannach. Mura bhfuil na leabhair ar taispeáint go hoscailte ar na príomh-sheilfeanna , conas is féidir leis an bpobal a bheith ar an eolas fúthu? Nílim ag caint faoi leabhair scoile, nó téacsleabhair, ach faoin taisce de leabhair nua-aimseartha, i ngach seanrá, a bhíonn á bhfoilsiú gach bliain.

“Táim ag caint faoi shaothair na scríbhneoirí Gaeilge uile, saothair a bhfuil fiúntas ar leith ag baint leo, ach a bhfuil cuid mhór den phobal aineolach fúthu. Tá an Comhchoiste ag iarraidh aird an phobail a dhíriú ar an taisce iontach seo, agus straitéis forbartha a mholadh don Rialtas ionas gur féidir leis gach cúnamh a thabhairt don earnáil thábhachtach seo.”

Sa dara cuid den chruinniú amárach, a thosóidh ag 16.00, beidh Príomhfheidhmeannach TG4, Alan Esslemont Uasal,  ag labhairt leis an gComhchoiste ar an ábhar ‘Beartanna TG4 agus na hÉilimh réamh-Cháinaisnéise a bheidh ann roimh ré’.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh: “Ó bunaíodh TG4 i 1996, tá feidhm lárnach ag an stáisiún i tsochaí na hÉireann. Tugann an stáisiún léargas dúinn ar ár gcultúr féin, agus ar gach uile ghné de. Is féidir le pobal na hÉireann, in Éirinn agus ar fud na cruinne, iad féin a aithint ar an stáisiún, agus cruthaíonn sé nasc cultúrtha eadrainn uile.

“Ach is earnáil an-iomaíoch í earnáil na craoltóireachta, agus ní ach mion-imreoir é TG4 i measc na gcomhlachtaí móra idirnáisiúnta. Ní féidir leis maireachtáil gan an tacaíocht cheart ón Rialtas, agus is mian leis an gComhchoiste na héilimh réamh-Cháinaisnéise atá de dhíth ar TG4, agus a bhfuil gá leo, a phlé leis an bPríomhfheidhmeannach amárach.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn