Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarascáil ,‘Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht agus na Treoirlínte a bhaineann leo’, á seoladh ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

7 Iúil 2022, 14:30

Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tar éis a thuarascáil ar an ábhar:  ‘Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht agus na Treoirlínte a bhaineann leo’ a sheoladh.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is leis an mothúchán go bhfuil rud éigin fiúntach bainte amach againn a d’fhoilsíomar an Comhchoiste an tuarascáil seo. Rinneamar obair mhór ar an ábhar tábhachtach seo, agus d’éisteamar leis na páirtithe leasmhara éagsúla le linn dúinn ár mbreithniú a dhéanamh air.

“Aithníonn an Comhchoiste a thábhachtaí is atá an córas tithíochta atá i bhfeidhm i ngach aon áit sa tír, agus go mórmhór a thábhachtaí is atá sé sna ceantair Ghaeltachta. Aithnímid freisin cé chomh lochtach is atá an córas atá i bhfeidhm faoi láthair agus nach bhfuil sé oiriúnach don fheidhm atá leis. Mar sin, tá tuarascáil chumasach ina bhfuil moltaí dearfacha, seolta againn. Tá ár dtuarascáil dírithe ar phobal na Gaeltachta, ar lánúineacha óga na Gaeltachta agus ar thodhchaí shochaí na Gaeltachta.

Tríd an 22 moladh atá mar chuid den tuarascáil, táimid ag iarraidh a chur ina luí ar an Rialtas, ar an Aire Tithíochta agus ar na Comhairlí Contae ina bhfuil ceantair Ghaeltachta lonnaithe, a phráinní atá sé dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann, agus na fadhbanna sin a réiteach a luaithe is féidir. Is mian linn a chur ina luí orthu, go mórmhór, a thábhachtaí is atá sé go mbeidh deis ag daoine óga na Gaeltachta cur fúthu ina gceantair dhúchais féin agus clann a thógáil san áit inar tógadh iad féin.

Tá súil againn go n-éistfidh an Rialtas, an tAire Tithíochta agus na Comhairlí Contae leis an méid atá le rá ag Comhaltaí an Chomhchoiste. Tá súil againn go léifidh siad an tuarascáil seo, go nglacfaidh siad leis na moltaí atá inti, agus go gcuirfidh siad i gcrích iad a luaithe is féidir.

Tá súil againn go mbeidh deis ag an gComhchoiste an tuarascáil a phlé leis an Aire Tithíochta chomh luath agus is féidir san Fhómhar.”

Is féidir an tuarascáil seo a léamh ar: Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht agus na Treoirlínte a bhaineann leo.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, ina gComhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn