12 Iúil 2022, 16:00
Amárach, Dé Céadaoin, an 13 Iúil, cuirfidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an cheist ‘cén fáth nach bhfuil an Fhoráil Dhlíthiúil: Go n-úsáidtear Logainmneacha Gaeilge amháin ar Logainmneacha na Gaeltachta á cur i bhfeidhm’ ar ionadaithe ó Éircóid, ó GeoDirectory agus ón bPost.
Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá an fhoráil dhlíthiúil seo soiléir agus gan débhrí, ach seachas sin tá an chuma ar an scéal go bhfuil neamhaird á tabhairt uirthi. Maidir le reachtaíocht a bhaineann le cearta phobal na Gaeilge, tarlaíonn sé arís is arís eile go dtugtar neamhaird uirthi, agus go bhfuil roinnt comhlachtaí poiblí áirithe den tuairim gur féidir leo neamhaird a thabhairt uirthi. Níl an cur chuige seo inghlactha, agus níl mo Chomhchoiste sásta glacadh leis, is cuma cén chúis nó leithscéal a thugtar ina leith.
“Nuair atá foráil dhlíthiúil i bhfeidhm, tá dualgas ar gach uile shaoránach agus ar gach uile chomhlacht poiblí cloí léi, agus na socruithe atá de dhíth chun cloí léi a chur i bhfeidhm. Má tá costas breise i gceist i leith comhlachtaí poiblí, sin é mar atá sé, agus ní leithscéal inghlachta é a rá ‘ní féidir linn sin a dhéanamh mar go bhfuil costas breise nó cúraimí breise i gceist, nó go mbeidh orainn córas nua a chur i bhfeidhm, nó go mbeidh orainn daoine breise a earcú’.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.
Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas coiste
Teachtaí