Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge ag iarraidh tuairimí na múinteoirí bunscoile agus na múinteoirí Gaeilge i leith mhúineadh na Gaeilge a chloisint

4 DFómh 2022, 15:00

Amárach, Dé Céadaoin, an 5 Deireadh Fómhair 2022, leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar aghaidh lena bhreithniú ar an gCóras Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht.

Beidh ionadaithe ó na gceardchumainn a dhéanann ionadaíocht ag an leibhéal náisiúnta do na múinteoirí in Éirinn, arb éard iad Aontas Múinteoirí na hÉireann, Cumann Múinteoirí Éireann, agus Cumann na Meánmhúinteoirí in Éirinn os ár gcomhair.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is é seo an dara cruinniú againn ar an ábhar seo, ina bhfuilimid, Comhaltaí an Chomhchoiste, ag iarraidh an tslí is fearr a aimsiú chun dul i ngleic leis an gclaonadh atá ag fás le roinnt blianta anuas, is claonadh lena bhfuil líon na ndíolúintí ag fás, agus lena bhfuil níos mó daltaí scoile ag cailleadh na deise chun a dteanga féin a fhoghlaim; agus ag cailleadh na deise chun oideachas dátheangach, in iomláine nó go pointe áirithe, a fháil. De thoradh an chlaonta ghearrbhreathnathaigh seo, tá sciar mór leanaí ag dul tríd an gcóras oideachais, agus na buntáistí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge, le foghlaim an dara teanga, á gcoinneáil uathu.

“Is mian linn tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla, agus go mórmhór tuairimí na múinteoirí a bhfuil dualgas orthu an Ghaeilge a mhúineadh sna scoileanna Béarla, a chloisteáil ag an gcruinniú amárach.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn