22 Samh 2022, 14:30
Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 23 Samhain 2022, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-ábhar ‘na dúshláin agus na féidearthachtaí atá os comhair na gColáistí Samhraidh agus na mBan Tí tar éis an phaindéim Choróinvíris’.
Tosóidh an cruinniú ag 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Beidh dhá Seisiún ag ár gcruinniú amárach. Ar dtús, beimidd ag caint leis na mná tí, agus sa dara seisiún beimid ag caint le hionadaithe ó Chomhairle Ceantair na nOileán Teoranta, ó Chomharchumann Forbartha an Leith Triúigh, ó Chomharchumann Ráth Chairn, ó Chomhlucht Forbartha na nDéise Teoranta, agus ó Choiste Choláiste na Mumhan
“Ní aon amhras ach go ndearna paindéim an Choróinvíris an-dochar don earnáil seo, agus go bhfuil an éarnáil féin agus muintir agus eacnamaíocht na Gaeltachta thíos léi. Tá práinn ann an earnáil seo a chur ar a cosa arís agus gach cúnamh atá de dhíth chun sin a dhéanamh a chur ar fáil di. Sa chruinniú amárach beimid ag iarraidh tuairimí agus moltaí ó na hionadaithe ó na Gaeltachtaí éagsúla a chloisteáil, ionas gur féidir linn aird an Aire agus an Rialtais a tharraingt orthu.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.
Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas coiste
Teachtaí