Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge ag déanamh iniúchadh ar staid reatha na hEarnála Léiriúcháin Ghaeilge

6 Noll 2022, 16:25

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 7 Nollaig 2022, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-ábhar ‘Staid Reatha na hEarnála Léiriúcháin Gaeilge’ le hionadaithe thar ceann Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann.

Tosóidh an cruinniú ag 13.30 i Seomra Coiste 4, TL2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá an earnáil léiriúcháin Ghaeilge lárnach do chur chun cinn na Gaeilge in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, agus tá an Comhchoiste an-bhuíoch do Phríomhfheidhmeannach Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann – Susan Kirby Uasal, gur iarr sí air deis a fháil staid reatha na hearnála sin a phlé.

“Is eagraíocht ionadaíoch é Léiritheoirí Scáileán na hÉireann ar son comhlachtaí a mbionn ábhair scannánaíochta agus teilifíse á dtairgeadh acu, chomh maith le táirgeadh digiteach.

“Is earnáil ar leith í an earnáil Léiriúcháin Ghaeilge, ní amháin ar son na Gaeilge, ach ar son na healaíona agus ar son na fostaíochta. Tairgíonn an earnáil seo tairgí den scoth do phobal na hÉireann, feidhmíonn sí mar ionadaí na tíre ar an stáitse idirnáisiúnta, agus cruthaíonn sí poist shár-oilte, dea- íochta in Éirinn. Is cuid lárnach den Éire nua-aoiseach na hearnála léiriúcháin ina hiomláine, agus ní bheadh sí ionadaíoch ar phobal reatha na hÉireann mura raibh an earnáil léiriúcháin Ghaeilge mar chuid lárnach dí.

“Fáiltím an deis a bheidh ag mo Chomhchoiste amárach stádas reatha agus todhchaí na hearnála léiriúcháin Gaeilge a phlé leis na hionadaithe thar ceann Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn