Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Creideann Comhchoiste na Gaeilge gur chóir go mbeadh Páipéar T2 na Gaeilge dúshlánach ach indéanta i gcomparáid leis an oiliúint atá faighte ag na daltaí ina leith

28 Feabh 2023, 15:45

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 1 Márta 2023, cuirfidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge críoch lena bhreithniú ar an gceist ‘An bhfuil an Páipéar T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí oiriúnach don fheidhm atá leis.

Beidh an cheist seo á phlé aige le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, agus beidh an-suim ag an gComhchoiste tuairimí an Choimisiúin ar an imní a léirigh roinnt finnéithe eile i leith Pháipéar T2 a chloisteáil.

Tosóidh an cruinniú ag 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Baineann páipéar T2 na Gaeilge leis na meánscoileanna Béarla agus leis na daltaí a bhfuil an Ghaeilge ina dara teanga acu. In ainneoin nach bhfuil an caighdeán chomh hard sa T2 is atá sé sa T1, tá dualgas orainn a chinntiú, nach bhfuil sé ró-éasca ná ró-dian i gcomparáid leis an oiliúint atá faighte ag na daltaí agus iad ag ullmhú ina leith. Tá orainn a chinntiú go bhfuil an caighdeán dúshlánach ach indéanta ag an am céanna. Ní leor ‘an cúpla focal’ ach, ag an céanna, tá orainn deachrachtaí na ndaltaí i leith an dara teanga a thuiscint.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn