Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht chun plé a dhéanamh le leas-sealbhóirí ar shocruithe toghchán d’fhonn an daonlathas agus an tsláine bhallóide a chosaint

23 MFómh 2024, 15:55

Tiocfaidh an Comhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht le chéile amárach Dé Máirt an 24 Meán Fómhair chun plé a dhéanamh le leas-sealbhóirí ar shocruithe toghchán d’fhonn an daonlathas agus an tsláine bhallóide a chosaint.

Cloisfear le linn an chruinnithe ar 3 p.m. i Seomra Coiste 3 de Theach Laighean ó oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ionadaithe ón gCoimisiún Toghcháin agus ó Cheann Comhairimh Chathair Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Stiofán Ó Maitiú: “I gcaitheamh an 12 mhí atá ag teacht beidh trí thoghchán in Éireann. Ní mór an tOlltoghchán a sheoladh faoi lár mhí an Mhárta 2025, agus ina dhiaidh sin, an Toghchán don Seanad agus ansin Toghchán an Uachtaráin amach san Fhómhar. Le linn aimsir seo na mífhaisnéise agus na dífhaisnéise agus an chur isteach ar thoghcháin ag tuath-ghníomhairí, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an daonlathas agus an tsláine bhallóide a chosaint agus a neartú. Is cás ríthábhachtach é seo don Choiste seo agus táimid ag tnúth le plé a dhéanamh ar na nithe seo agus ar nithe bainteachta leár leas-sealbhóirí.

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 3 beo ar Oireachtas TV.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Roinn