Gnáthamharc

An Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus um na hOmbudsmain chun teacht le chéile chun Achainíocha a phlé

9 Meith 2025, 15:15

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus um na hOmbudsmain, arb í an Teachta Laoise Ní Raghallaigh an cathaoirleach air, amárach, Dé Máirt an 10 Meitheamh 2025 ar 11am i Seomra Coiste 1 de Theach Laighean.

I measc na n-achainíocha a bheidh á bplé amárach, tá:

  • A gcearta vótála a cheadú d’Éireannaigh ar an gcoigríoch
  • Athruithe ar reachtaíocht saoránachta
  • Gearán maidir taisteal do chónaitheoirí laistigh den Chomhlimistéar Taistil (CTA) chun críche gearrchónaí agus turasóireachta
  • Feidhmiú praiticiúil a thabhairt don cheart gan freastal ar theagasc creidimh ar scoil
  • Iarradh chun Póstaeir Toghchán a Chosc in Éirinn
  • Dlí agus Ceart agus Sábháilteacht
  • An tAcht um Chúram Leanaí, 1991 a leasú chun na cumhachtaí is gá a thabhairt don Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) smachtbhannaí a chur ar Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, nuair a mhainníonn sí a hoibleagáidí reachtúla a chomhall
  • Athchóiriú Árachais le haghaidh Maoine Oidhreachta faoi Dhíon Tuí
  • Ceartas a bhaint amach dóibh siúd a ndearnadh drochúsáid orthu sna hárais arbh é an Stát a bhí ina mbun

Is féidir breathnú ar chruinniú an Choiste beo ar Oireachtas TV. 

Léigh tuilleadh faoi obair an Chomhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus um na hOmbudsmain

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil ar Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android, freisin.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Roinn