29 MFómh 2025, 16:00
Amárach, an 30 Meán Fómhair 2025, leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar aghaidh lena imscrúdú ar an ábhar 'Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal' le hionadaithe thar ceann na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
Tosóidh an cruinniú 11.00 i Seomra Coiste 3.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Catherine Connolly: “Beidh an-suim agam agus ag na Comhaltaí eile fáil amach an bhfuil nó nach bhfuil straitéisí agus beartais ar leith á gcur i gcrích chun an Ghaeilge a chur chun cinn trasna na hearnála tríú leibhéal, ó thaobh mhúineadh na Gaeilge agus fheiceálacht agus úsáid na Gaeilge de araon. Beimid ag iarraidh an tacaíocht agus an spreagadh atá á dtabhairt do na coláistí tríú leibhéal agus do na cairde léinn féin a aimsiú agus a phlé leis na hionadaithe ón Roinn.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Is féidir féachaint ar an gcruinniú seo beo ó Sheomra Coiste 3 ar Teilifís an Oireachtais.
Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews