Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Doiciméid Leagtha

Doiciméad a leagadh

Ní mór duit clárú chun an feidhmchlár maidir le Doiciméid Leagtha a úsáid Seoladh leagan nua i mí na Nollag 2020; más rud é gur chláraigh tú roimh an dáta sin, beidh ort clárú arís. Seo treoir ghairid maidir le clárú.

Is doiciméid iad Doiciméid Leagtha a chuirtear go foirmiúil faoi bhráid Thithe an Oireachtais d’fhonn tacú leis an bpróiseas daonlathach. Áirítear iontu tuarascálacha maidir le coistí Oireachtais, Ranna Rialtais, boird Stáit agus comhlachtaí reachtúla. Déanann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde bainistíocht ar an bpróiseas ina leagtar doiciméid faoi bhráid na parlaiminte.

Doiciméid Leagtha le déanaí

Tá na Doiciméid Leagtha ar fáil ar an leathanach seo ar feadh tréimhse ama teoranta. Tíolacfar gach Doiciméad leagtha don Pharlaimint ag an gcéad lá suí an lá tar éis a leagan. Ní mór go bhfanfaidh na doiciméid ar an leathanach seo ar feadh 7 lá féilire tar éis an chéad lá suí. Fanfaidh na doiciméid atá oscailte roimh thairiscint neamhnithe ar an leathanach seo go dtí an dáta gur féidir iad a chur ar neamhní (i.e. 7, 10, nó 21 lá suí ag brath ar an Teach iomchuí)

Ní chuirtear aon doiciméid a bhaineann le fostaíocht chomhairleoirí speisialta ar fáil go poiblí mar gheall ar RGCS. Téigh i dteagmháil leis an gcomhlachas leagtha i gcomhair rochtana.

Déan cuardach sa chatalóg SLaT ar líne i gcomhair liosta iomlán na nDoiciméad Leagtha.
Cabhair

Féach gach doiciméad leagtha le haghaidh 7 lá féilire tar éis a gcéad lá suí, agus na cinn sin atá fós oscailte do thairiscint lena gcur ar neamhní.

Sorry no matches were found for this query.
Try another search.

Barr
Roinn