Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Bibleagrafaíocht na Parlaiminte in Éirinn

Liostáiltear saothair i mBibleagrafaíocht na Parlaiminte in Éirinn de chuid na Seirbhíse Leabharlainne agus Taighde a bhaineann leis an bparlaimint in Éirinn ó bunaíodh Dáil Éireann in 1919. Tá sé mar aidhm léi mórshaothair ábhartha uile na heolaíochta polaitiúla agus na staire a foilsíodh ó 1919 a áireamh chomh maith leis an scoláireacht is déanaí a bhaineann leis an tréimhse sin.

Má tá tú i mbun taighde agus ag scríobh faoin bparlaimint in Éirinn, is féidir leat an bhibleagrafaíocht a úsáid chun tagairtí a chruthú chuig foinsí mar leabhair, ailt irise, leathanaigh ghréasáin agus páipéir chomhdhála. Is féidir luanna nó bibleagrafaíocht a chruthú go tapa, i do rogha stíle, le haghaidh do pháipéir taighde.

Cuardaigh an bhibleagrafaíocht ar líne

Gheobhaidh tú an bhibleagrafaíocht ar Zotero.org. Is le Chrome agus Firefox is fearr a oibríonn Zotero.

Más maith leat míreanna a íoslódáil nó a easpórtáil, beidh ort clárú le haghaidh cuntas saor in aisce agus dul isteach sa ghrúpa.

Conas an bhibleagrafaíocht a chuardach

Cuardach bunúsach
Cuardach casta
Torthaí
Maidir leis an tionscadal bibleagrafaíochta

An Dr Diarmuid Scully, Ollscoil Luimnigh

Maidir leis an tionscadal bibleagrafaíochta

Choimisiúnaigh Seirbhís Leabharlainne agus Taighde (SLaT) an Oireachtais an bhibleagrafaíocht mar chuid de Dáil100, clár Thithe an Oireachtais chun comóradh céad bliain bhunú na Chéad Dála a cheiliúradh. Tiomsaíodh í i gcomhpháirtíocht leis an Dr Diarmuid Scully ag Roinn na Polaitíochta agus an Riaracháin Phoiblí in Ollscoil Luimnigh, a fuair tacaíocht ón Roinn Staire, ón Roinn Dlí agus ó Leabharlann Glucksmann in Ollscoil Luimnigh.

Lógó Ollscoil Luimnigh

Tuilleadh sonraí faoin tionscadal bibleagrafaíochta

Cén chaoi ar cuireadh an bhibleagrafaíocht le chéile?
Cé chomh minic is a thugtar an bhibleagrafaíocht chun dáta?
Cé na téamaí a chumhdaítear?
Cérbh iad na critéir roghnúcháin?

Téigh i dteagmháil leis an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde

An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20

Barr
Roinn