Tarraingíonn ‘Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra’ aird ar chuid de na daoine a bhain tairbhe as an am a chaith siad sa Seanad chun ceisteanna agus cúiseanna a chosaint a bhí imeallaithe nó nach raibh an fheiceálacht ag baint leo a chuidíonn le hathruithe polaitíochta, sochaíocha, agus eacnamaíocha a dhéanamh.
Fáilte ón gCathaoirleach
Cuirtear fáilte mhór romhat chuig an Taispeántas ‘Guthanna Mionlaigh, Athruithe Móra’ mar chuid den cheiliúradh ar chéad bliain ó bunaíodh Seanad Éireann. Tá sé mar aidhm leis an taispeántas Seanad100 seo aird a tharraingt ar an tionchar ar leith a bhí ag Seanad Éireann agus go leor leor Seanadóirí i múnlú na tíre ón gcéad suí den Seanad i mí na Nollag, 1922, i leith.
Ceann de na ról a bhí ag an gCéad Seanad ab ea ardán a thabhairt don phobal Protastúnach agus Aontachtach le go mbeadh ionadaíocht á déanamh orthu, agus iad mar ghuth mionlaigh sa Stát nua. Le céad bliain anuas d’athraigh sé seo le go raibh guthanna ag déanamh ionadaíochta ar phobail mhionlaigh agus ar thuairimí mionlaigh eile, agus tháinig athruithe móra ar ár dtír dá bharr.
Tá súil agam go n-aontóidh tú liom go bhfuil an taispeántas ina mheabhrú dúinn ar an oiread tionchair is féidir le duine aonair imirt ar son pobail mhionlaigh agus cúiseanna mionlaigh trí leas a bhaint as an gcumhacht a bhaineann le bheith mar chomhalta de Sheanad Éireann inár bparlaimint náisiúnta. Is onóir atá ann agus is onóir í a léirigh na Seanadóirí sin, agus ar ghlac go leor eile léi.
Is é ‘Guthanna Mionlaigh, Athruithe Móra’ téama an taispeántais seo agus is téama níos leithne de chlár comórtha céad bliain Seanad100 é freisin, agus mholfainn duit iniúchadh a dhéanamh ar na tionscnaimh éagsúla for-rochtana agus oideachais a bheidh ar siúl le linn na bliana atá amach romhainn.
Trí na Seanadóirí a chuirtear i láthair sa taispeántas seo, tarraingítear aird ar an ról níos leithne, níos ilchineálaí agus níos ionchuimsithí atá ag an Seanad ón gcéad suí céad bliain ó shin.
Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le gach duine atá rannpháirteach in Seanad100 agus atá rannpháirteach i gcomóradh na garsprice tábhachtaí seo dár bParlaimint.
Kathleen Clarke (1878-1972)
Gníomhaí Poblachtánach ab ea Kathleen Clarke a bhí ina leas-uachtarán ar Chumann na mBan.
Cuireadh sa phríosún í i ndiaidh Éirí Amach 1916 agus cuireadh chun báis a fear chéile Tom Clarke agus a deartháir Edward Daly.
Toghadh chun na Dála í sa bhliain 1921, áit ar chaith sí vóta in aghaidh an Chonartha.
Ainmníodh í chuig an gCéad Seanad sa bhliain 1928 mar bhall d’Fhianna Fáil, agus chuir sí in aghaidh alt sa Bhille um Choinníollacha Fostaíochta 1935 a chur cosc ar mhná post a ghlacadh i dtionscail áirithe.
Dhiúltaigh Clarke glacadh leis an gcomhaontú go dtiocfadh laghdú ar phá na bhfear de bharr “pá comhionann as obair chomhionann”.
Sa bhliain 1939 bhí sí ar an gcéad bhean chun bheith ina hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath.
Labhrás Ó Murchú (1939-)
Polaiteoir Fhianna Fáil is ea Labhrás Ó Murchú. Tá sé ina Ard-Stiúrthóir ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann a chuireann ceol, amhránaíocht, agus damhsa na hÉireann chun cinn.
Bhí sé ina chomhalta den Seanad ón mbliain 1997 go dtí an bhliain 2016 ar an Rolla Saíochta agus Oideachais.
Le linn an ama a chaith sé ina Sheanadóir, thacaigh sé le Billí Comhaltaí Príobháideacha agus rúin a bhí ar son na ndaoine sin atá faoi mhíchumas, lena n-áirítear rún i ndáil le rochtain ar dheiseanna oideachais agus eile do dhaoine faoi mhíchumas agus an Bille um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann do na Bodhair a Aithint 2013.
Thacaigh sé go seasta leis na healaíona, cultúr agus an Ghaeilge sa Seanad.
Augustine Martin (1935-1995)
B’acadóir, léirmheastóir agus scríbhneoir é Augustine Martin.
Ba Sheanadóir do thoghcheantar Ollscoil na hÉireann ón mbliain 1973 go dtí 1981.
Mar Sheanadóir, bhíodh sé i mbun feachtais in aghaidh chomhthoil na ré sin chun foirgnimh Sheoirseacha a leagan i mBaile Átha Cliath agus i mbun feachtais chun an Ché Adhmaid a chaomhnú.
Labhair sé ar ábhair éagsúla ach chuir sé an-suim i dTuaisceart Éireann le linn na dTrioblóidí, agus chomhurraigh sé rún chun díospóireacht a dhéanamh ar an “impasse” sa bhliain 1978. Ina fhocal scoir maidir leis an rún, d’éiligh sé dréacht-bhunreacht d’Éire aontaithe “concentrating on human rights which would be guaranteed for all in the event of an agreed united Ireland some time in the future".
Horace Plunkett (1854-1932)
Ba é Horace Plunkett leis an 16ú barún ar Dhún Samhnaí.
Ainmníodh é don Chéad Seanad sa bhliain 1922, agus d’fhóin sé go dtí an bhliain 1923. In 1899, bhunaigh sé Roinn Talmhaíochta agus Ceárd-Oideachais na hÉireann.
Bhí sé ina Uachtarán bunaidh den Irish Agricultural Organization Society, inar cuireadh nuachóiriú na talmhaíochta, oideachas eagraithe teicneolaíoch agus comhoibriú chun cinn. Le linn na tréimhse a chaith sé sa Seanad, labhair sé ar a thuairim láidir go mbeadh talmhaíocht ar an bpríomhfhórsa chun Éire a atógáil i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad.
Thomas (TK) Whitaker (1916-2017)
Ba fhostaí sa tseirbhís phoiblí agus eacnamaí é Thomas (TK) Whitaker.
Ba é an Taoiseach a d’ainmnigh é don Seanad, áit ar fhóin sé ón mbliain 1977 go dtí 1982. Mar Rúnaí don Roinn Airgeadais, bhí a pháipéar ‘Economic Development’ sa bhliain 1958 ina bhonn eolais don Chéad Chlár um Fhorbairt Eacnamaíoch.
Tharraing sé aird ar bhonn seasta ar mheath airgeadas poiblí na hÉireann, ag cur ina aghaidh méadú as cuimse i gcaiteachas poiblí de réir mar a chonaic sé féin é agus mhol sé go gcuirfí an pobal ar an eolas faoi staid an gheilleagair.
De réir a chuir síos féin, mheas cuid dá chomh-Sheanadóirí a chur chuige forálach a bheith “undermining public confidence”.
Jane (Jennie) Wyse Power (1858-1941)
Comhalta de Chumann Bhaile Átha Cliath um Cheart Vótála do Mhná ba ea Jane (Jennie) Wyse Power agus chomhbhunaigh sí Inghinidhe na hÉireann sa bhliain 1900.
D’fhóin sí ar fheidhmeannas Shinn Féin agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na mBan.
Ainmníodh í chuig an gCéad Seanad sa bhliain 1922. In éineacht le Edith Costello, d’áitigh sí ar an Seanad diúltú de Bhille Rialaithe na Státseirbhíse 1925, a choinneodh mná ag na gráid ísle sa Státseirbhís agus chuir sí in aghaidh an Bhille um Choinníollacha Fostaíochta 1935 a chuir cosc ar mhná glacadh le hobair i dtionscail áirithe.
Bhí sí ina comhalta den Seanad ón mbliain 1922 go dtí an bhliain 1936.
Nuala Fennell (1935-2009)
Ba í Nuala Fennell an chéad Chathaoirleach ar Irish Women’s Aid sa bhliain 1975 agus comhalta feidhmiúcháin de chuid Chomhairle na hÉireann um Stádas na mBan.
Chuaigh sí i mbun feachtais ar son an chirt colscaradh a fháil agus feictear uirthi mar mhórfheachtasóir ar son chearta na mban.
Bhí sí ina comhalta den Seanad ón mbliain 1987 go dtí an bhliain 1989 ag déanamh ionadaíochta d’Fhine Gael, i dtús báire mar ainmní an Taoisigh agus i ndiaidh sin ina comhalta de chuid an Rolla Oibreachais.
Agus í ina Seanadóir thacaigh sí leis an mBille um Thoirmeasc ar Ghríosú Chun Fuatha Chiníoch, Creidimh nó Náisiúnta, 1988, agus d’fhóin sí ar an gComhchoiste um Chearta na mBan.
Garrett Fitzgerald (1926-2011)
Ba pholaiteoir de chuid Fhine Gael agus eacnamaí a d’fhóin ina Sheanadóir ar an bpainéal Tionscail agus Tráchtála é Garret Desmond FitzGerald a d’fhóin ón mbliain 1965 go dtí 1969.
Bhí sé ina Thaoiseach faoi dhó agus ina Aire Gnóthaí Eachtracha.
Labhair sé ar son sochaí na hÉireann a liobrálú cé gur theip ar an reifreann a thionscain sé ina Thaoiseach sa bhliain 1968 chun colscaradh a thabhairt isteach.
Le linn na tréimhse a chaith sé sa Seanad, labhair sé go rialta agus go mion ar dhíospóireachtaí maidir leis an ngeilleagar, bhíodh sé i mbun feachtais chun go mbeadh Éire ina cuid den EEC agus d’áitigh sé i gcoinne liúntais cánach a ndearna sé trácht orthu a bheith “the subsidy to better-off section of the community indicates the extent to which we are dominated by the middle-class thinking in this respect, to the exclusion of any proper social approach to these matters”.
Eileen Ellen (Edith) Costello (1870-1962)
Bean a chuir spéis mhór sa Ghaeilge, a bhí gníomhach i bhfeachtais pholaitíochta agus comhalta den Seanad ón mbliain 1922 go dtí an bhliain 1934 ab ea Eileen Ellen (Edith) Costello.
Chuir sí in aghaidh Bhille na nGiúiréithe 1927 a raibh sé mar aidhm leis mná a eisiamh ó sheirbhís ghiúiré a dhéanamh.
Chuir sí in aghaidh Bhille Rialuithe na Státseirbhíse (Leasú) 1925 a raibh sé mar aidhm leis mná a choinneáil sna poist ag leibhéal níos ísle sa Státseirbhís.
Sa mhéid a bhí le rá aici sa díospóireacht, luaigh sí Bunreacht Shaorstát Éireann agus an gealltanas a bhí ann maidir le pribhléidí agus dualgais saoránachta “gan aon idirdhealú ar bhonn gnéis”.
Billy Fox (1939-1974)
Ba pholaiteoir de chuid Fhine Gael as Muineachán é Billy Fox a d’fhóin ina Sheanadóir ar an bPainéal Cultúir agus Oideachais ón mbliain 1973 go dtí 1974.
In ainneoin a chúlra Phrotastúnaigh, bhí sé neamhbhalbh ar a dhearcadh láidir Poblachtach.
Mharaigh fir ghunna de chuid an IRA é sa bhliain 1974 le linn dó a bheith ag fónamh ina Sheanadóir. Scoireadh Seanad Éireann ar feadh seachtaine mar chomhartha ómóis i ndiaidh a bháis.
Mary Robinson (1944-)
Seanadóir d’Ollscoil Bhaile Átha Cliath ab ea Mary Robinson idir 1969 agus 1989.
D’agair sí ar raon leathan ceisteanna liobrálacha, lena n-áirítear ceart na mban chun suí ar ghiúiré agus an riachtanas a bhí ann ag an am go mbeadh ar mhná éirí as an Stát-Sheirbhís nuair a phós siad.
Labhair sí i gcoinne Ochtú Leasú na Bunreachta, a chuir cosc ar ghinmhilleadh sa Bhunreacht sa reifreann i 1983. Sna blianta 1973, 1974 agus 1978 thug sí Billí um Beartú Muiríne isteach a raibh sé mar aidhm leo ceart dlíthiúil ar fhrithghiniúint a chur ar fáil.
Ba í an chéad bhean a toghadh ina hUachtarán ar Éirinn, agus í ina hUachtarán ó 1990 go dtí 1997.
Gordon Wilson (1927-1995)
Rugadh Gordon Wilson i gCluainín, Contae Liatroma.
I ndiaidh bhás a iníne, Marie, i bpléasc bhuama in Inis Ceithleann sa bhliain 1987, d’éirigh sé ina fheachtasóir ar son na síochána.
D’ainmnigh an Taoiseach é don Seanad sa bhliain 1993, agus fuair sé bás agus é in oifig sa bhliain 1995.
Is conspóideach fós an moladh a thug sé gur cheart dul i dteagmháil le paraimíleataigh agus le daoine atá páirteach i bhfeachtais fhoréigneacha ar mhaithe le síocháin. Le linn na tréimhse a chaith sé sa Seanad, labhair sé faoi Thuaisceart Éireann go mion minic, ag agairt i gcónaí ar gach aon taobh den choinbhleacht ar son na síochána: “If we get peace then the death of Marie Wilson becomes a little more worthwhile”.
Seán Moylan (1889-1957)
B’oifigeach agus polaiteoir é Seán Moylan.
Chuir sé in aghaidh an Chonartha agus bhí sé i mbun feachtais in aghaidh chríochdheighilt na hÉireann.
D’fhóin sé sa Seanad ón mbliain 1957 nó go bhfuair sé bás go tobann níos deireanaí an bhliain sin agus é in oifig. Cheap Éamon de Valera é ón Seanad le bheith ina Aire Talmhaíochta i ndiaidh dó a shuíochán a chailleadh sa Dáil sa bhliain 1957; ba eisean an dara Seanadóir riamh a d’fhóin ina aire rialtais.
Mar gheall ar an tsuim mhór a bhí aige ina threoir aire, bhí a ionchuir sa Seanad ina léiriú ar fheabhsuithe a baineadh amach agus feabhsaithe a bhí ag teastáil i gceantair thuaithe na hÉireann agus i dtalmhaíocht.
Feargal Quinn (1936-2019)
Fear gnó agus bunaitheoir Superquinn ab ea Feargal Quinn.
Toghadh é don Seanad ina chomhalta neamhspleách ar phainéal Ollscoil na hÉireann, áit a d’fhóin sé ón mbliain 1993 go dtí 2016.
D’urraigh sé an líon ba mhó Billí Comhaltaí Príobháideacha (BCP) a chuir Seanadóir chun cinn i gcaitheamh a sheirbhíse.
Achtaíodh an BCP maidir le náisiúntacht na hÉireann agus Saoránacht i ndiaidh don rialtas é a ghlacadh agus bhí a Bhille um Chonarthaí Foirgníochta, 2010 ar cheann de na 17 Bille Comhaltaí Príobháideacha a achtaíodh riamh.
Countess of Desart, Ellen Odette Cuffe (1857-1933)
Rugadh Countess of Desart, Ellen Odette Cuffe sa teaghlach Giúdach Bischoffsheim i Londain.
Bhí sí ar an gcéad bhean in Éirinn a bronnadh saoirse na cathrach uirthi mar gheall ar an mbaint a bhí aici le gnóthaí áitiúla i gCill Chainnigh.
In ainneoin a rannpháirtíochta gníomhaí i ngnóthaí agus sa saol poiblí, chuaigh sí i mbun feachtais in aghaidh ceart vótála do mhná agus vótáil sí i bhfabhar Bhille Rialuithe na Státseirbhíse (Leasú) 1925 a raibh sé mar aidhm leis mná a choinneáil ag gráid ísle na Státseirbhíse.
Le linn an ama a chaith sí sa Seanad, chuir sí in aghaidh cosc a chur ar cholscaradh a d’fhéach sí air mar shaoirse a bhí deimhnithe sa Bhunreacht don mhionlach nár Chaitlicigh iad. Bhí sí ina comhalta den Seanad go dtí go bhfuair sí bás sa bhliain 1933.
Eamon De Buitléar (1930-2013)
Ba scannánóir, gníomhaí timpeallachta agus údar é Eamon De Buitléar.
Ainmníodh é don Seanad sa bhliain 1987 agus d’fhóin sé go dtí deireadh an 18ú Seanad sa bhliain 1989 ina Sheanadóir neamhspleách.
Mar aon leis an nGaeilge a chur chun cinn, ba é an phríomhobair a rinne De Buitléar ná áitiú go seasta ar son réimse éagsúla bearta caomhnaithe dúlra i ngach gné de bheartas an rialtais.
Le linn díospóireachta maidir leis an mBille Iascaigh (Leasú) (Uimh. 2), 1988 luaigh sé: “Every Minister is going to hate me because I will keep on chipping away with my hammer and chisel until the system begins to understand that we have a country which is nothing short of a jewel and we do not really understand what we have and what we stand to lose”.
David P. B. Norris (1944-)
Tá David P. B. Norris ina sheanadóir neamhspleách d’Ollscoil Bhaile Átha Cliath ón mbliain 1987 i leith.
Is léachtóir i mBéarla agus scoláire Joyce é, chomh maith le bheith ina ghníomhaí ar son chearta an duine agus ina pholaiteoir.
Bhí sé ina iarrthóir d’Uachtaránacht na hÉireann sa toghchán i mí Dheireadh Fómhair 2011.
Tá 32 Bille Comhaltaí Príobháideacha tugtha isteach agus comhurraithe aige agus chuaigh sé i mbun feachtais ar cheisteanna maidir le cearta an duine. Thug sé Bille um Páirtíocht Shibhialta isteach mar Bhille Comhaltaí Príobháideacha sa Seanad sa bhliain 2004 sula ndearnadh dleathach é in Éirinn sa bhliain 2010. Tháinig athrú ar dhlí na hÉireann chun an homaighnéasacht a dhíchoiriúlú sa bhliain 1993 mar gheall ar an gcás a thug sé i gCúirt Bhreithiúnais na hEorpa.
Michael D. Higgins (1941-)
Is é Mícheál Dónal Ó hUigínn an naoú hUachtarán ar Éirinn. Is polaiteoir de chuid an Lucht Oibre é, is urlabhraí ar son chearta an duine é, agus tá sé ina fhile agus ina scoláire chomh maith.
D’ainmnigh an Taoiseach chuig Seanad Éireann é i dtosach sa bhliain 1973 do théarma amháin agus d’fhóin sé arís ina chomhalta de rolla Ollscoil na hÉireann ón mbliain 1983 go dtí an bhliain 1987.
Fad a bhí sé ina Sheanadóir rinne sé An Bille um Leanaí Neamhdhlisteanacha (Cothabháil agus Comharbas), 1974, a chomhurrú chun deireadh a chur le coincheap na neamhdhlisteanacha i ndáil le leanaí i ndlí na hÉireann agus chuaigh sé i mbun feachtais in aghaidh an Ochtú Leasú ar an mBunreacht.
Owen Lancelot Sheehy Skeffington (1909-1970)
Bhí an cáil ar Owen Lancelot Sheehy Skeffington (1909-1970) as cearta an duine a chur chun cinn, lena n-áirítear cur i gcoinne apartheid, ag labhairt amach in aghaidh grúpaí paraimíleata, ag troid ar son an dí-eaglaiseachais i scoileanna in Éirinn, agus as lámh a bheith aige i gCumann Daonnachach na hÉireann a bhunú.
Le linn an ama a chaith sé sa Seanad chuir sé rún síos agus d’ardaigh sé díospóireachtaí atrátha chun deireadh a chur le pionós corpartha i scoileanna in Éirinn.
Bhí sé ina chomhalta neamhspleách ar rolla Ollscoil Bhaile Átha Cliath ón mbliain 1954 go dtí an bhliain 1961 agus arís ó 1965 go dtí 1970.
Noel C. Browne (1915-1997)
Polaiteoir agus dochtúir ab ea Noel C. Browne a bhí ina sheanadóir i rith na mblianta 1961-1980.
Le linn a ghairme sa Seanad labhair sé ar son Bhille um Beartú Muiríne 1973 de chuid Mary Robinson a bhí conspóideach go maith, chun soláthar a dhéanamh d’úsáid frithghiniúnach in Éirinn.
Thacaigh Browne le rún ar stádas na mban sa láthair oibre agus chuir sé deighilt na hEaglaise agus an Stáit chun cinn. Tharraing Browne conspóid mar gheall gur mhol sé “ginmhilleadh teiripeach”, homaighnéasacht agus colscaradh a dhéanamh dleathach mar mhodh chun “stát iolraíoch” a bhaint amach ina mbeadh áit do gach creideamh.
Catherine McGuinness (1934-)
Breitheamh ar scor de chuid na Cúirte Cuarda, breitheamh de chuid Ard-Chúirt agus Chúirt Uachtarach na hÉireann agus ina gníomhaí ar son cearta an linbh agus an duine í Catherine McGuinness.
Bhí sí ina comhalta den Seanad ar phainéal Ollscoil Bhaile Átha Cliath ón mbliain 1979 go dtí 1987.
Labhair sí ar son colscaradh a thabhairt isteach le linn díospóireachta maidir le Cliseadh Pósta sa bhliain 1983, tráth i bhfad sular tugadh isteach sa dlí é i ndiaidh reifrinn sa bhliain 1995. Bhí sí ina feachtasóir iomráiteach in aghaidh an 8ú leasú a thabhairt isteach agus thug sí rún i láthair chun diúltú don Dara léamh den bhille ar trí sin a tionscnaíodh an reifreann sa bhliain 1983.
Brid Rogers (1935-)
Is iar-pholaiteoir í Brid Rogers ar cheap an Taoiseach don Seanad í agus a d’fhóin ón mbliain 1983 go dtí 1987.
Bhí sí feiceálach i bpolaitíocht Thuaisceart Éireann ó ghluaiseacht na gceart sibhialta go dtí an bhliain 2002. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an SDLP, agus ba í an chéad bhean a rinne cathaoirleacht ar pháirtí polaitíochta sa bhliain 1978.
Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an SDLP, agus ba í an chéad bhean a rinne cathaoirleacht ar pháirtí polaitíochta sa bhliain 1978. Tharraing sí aird i gcónaí sa Seanad ar an staid i dTuaisceart Éireann. Labhair sí i gcoinne an 8ú leasú agus go ndéanfaí reachtaíocht a liobrálú i ndáil le frithghiniúnaigh in ainneoin gur chuir sí síos ar a dearcadh a bheith ar son na beatha, agus d’áitigh sí “it is not for the legislators to make laws which attempt to force people to abide by the moral standards of any particular Church”.
Margaret Mary Pearse (1878-1968)
Bhí Margaret Mary Pearse ina comhalta den Seanad ón mbliain 1938 go dtí 1968.
Bhí ról barrthábhachtach aici i Scoil Éanna a bhunú in éineacht lena deartháireacha Patrick agus Willie, beirt de cheannairí Éirí Amach na Cásca 1916.
Úsáideadh Béarla agus Gaeilge araon le haghaidh múineadh sa scoil, agus ba í Gaeilge an phríomhtheanga a úsáideadh lasmuigh de ranganna.
Chuir sí go láidir in aghaidh ciorruithe ar mhaoiniú don Ghaeilge i scoileanna sa bhliain 1949: “I am afraid all this is having a bad effect on the ordinary people, who begin to think that Irish does not matter”. In ainneoin gur admhaigh sí gurbh ar éigin a bhí sí in ann comhrá a dhéanamh i nGaeilge, d’áitigh sí go seasta ar son níos mó infheictheachta agus maoinithe don teanga, ar bhraith sí go raibh sí ina gné bhunriachtanach den fhéiniúlacht náisiúnta.
Seamus Mallon (1936-2020)
Seamus Mallon was an SDLP politician, Deputy First Minister of Northern Ireland and a prominent peace campaigner.
He was appointed by the Taoiseach to the Seanad in 1982, serving until a general election was called later that year.
He advocated and promoted all-island thinking in all aspects of business and politics.
His contributions to debates in the Seanad covered issues from agricultural credit and the economic situation to national heritage, rarely failing to relate the varied topics to Northern Ireland.
William Butler Yeats (1865-1939)
File, drámadóir agus comhalta den Seanad ab ea William Butler Yeats ón mbliain 1922 go dtí an bhliain 1928.
Bronnadh an Duais Litríochta Nobel air sa bhliain 1923.
Le linn an ama a chaith sé sa Seanad, ba mhinic é bheith páirteach i ndíospóireachtaí, idir rún a chur síos maidir le pictiúir ó bhailiúchán Hugh Lane a thabhairt ar ais go hÉirinn ó Shasana agus ag cur in aghaidh úsáid na Gaeilge le linn imeachtaí parlaiminte: “Would I be in order in moving as an amendment that the prayer be read in Irish as soon as the majority of the members of the Seanad know Irish?”
Níor chuir sé fiacail ann agus é ag cáineadh an dlí a chur cosc ar cholscaradh in Éirinn – agus é ag áitiú go gcuirfeadh sé coimhthíos ar Phrotastúnaigh Éireannacha agus go gcruthódh sé bac idir an Deisceart agus an Tuaisceart.
Douglas Hyde (1860-1949)
Comhbhunaitheoir agus an chéad uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, an ghluaiseacht náisiúnta d’athbheochan na Gaeilge ba ea Dubhghlas de hÍde.
Rinneadh comhalta den Chéad Seanad de sa bhliain 1925 i bhfothoghchán.
Sa bhliain 1925, vótáil sé i bhfabhar rúin nóis imeachta chun díospóireacht faoi cholscaradh sa Seanad a cheadú. D’eascair feachtas as seo chun míchlú a tharraingt air agus ar Sheanadóirí Protastúnacha eile agus chaill sé a shuíochán sa toghchán níos déanaí an bhliain sin.
D’fhóin de hÍde sa dara Seanad sa bhliain 1938 sular toghadh é ina chéad Uachtarán ar Éirinn níos déanaí an bhliain sin.
Is cóirithe iad go leor de na beathaisnéisí ar an leathanach seo ar iontrálacha sa Dictionary of Irish Biography faoi CC 4.0.