Tar éis blianta de chogadh agus míonna d’idirbheartaíocht shínigh toscaireachtaí na hÉireann agus na Breataine an Conradh Angla-Éireannach go luath ar maidin an 6 Nollaig 1921. I mBaile Átha Cliath thosaigh díospóireacht fhíochmhar i nDáil Éireann maidir le téarmaí an chonartha, a chríochnaigh le vóta chun é a dhaingniú ar an 7 Eanáir 1922.
Ba léir ó chlúdach na meán idirnáisiúnta ar dhíospóireachtaí na Dála go raibh an dearcadh ginearálta ar an gConradh Angla-Éireannach dearfach. Fiú sa chás gur measadh go raibh roinnt de na téarmaí éagothrom, bhí a lán daoine den tuairim gur bealach inghlactha a bhí ann le deireadh a chur le foréigean uafásach na mblianta beaga roimhe sin, agus go raibh an fhéidearthacht ann tuilleadh idirbheartaíochta a dhéanamh sa todhchaí. Agus laethanta deiridh na díospóireachta ag teacht i mí Eanáir bhíothas ag tabhairt cuntais éagsúla ar fud an domhain maidir leis an toradh is mó a raibh dealramh leis.
The Sydney Morning Herald, an 3 Eanáir 1922
Mar thiarnas féinrialaitheach taobh istigh d’Impireacht na Breataine, thug an Astráil go ginearálta tacaíocht don smaoineamh go dtabharfaí stádas den sórt céanna d’Éirinn. Rinneadh tuairisciú forleathan sna meáin ar na díospóireachtaí maidir leis an gConradh Angla-Éireannach, agus léirigh mórchuid de na nuachtáin an bharúil mheasartha gur chóir don Dáil glacadh le téarmaí an chonartha. Chomh luath leis an 3 Eanáir, chuir The Sydney Morning Herald béim ar mhaolú, ina bharúil féin, ar dhearcadh polaiteoirí mór le rá ar nós James Craig agus Éamoin de Valera, agus scríobh go dóchasach “go dtugtar le fios sa teanga shimplí atá sna teachtaireachtaí seo go dtuigeann na ceannairí dígeanta go bhfuil easpa tuisceana acu ar a muintir agus go bhfuil siad ag géilleadh i mbealach chomh huasal agus is féidir leo”.
Foinse: Trove