Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Díospóireachtaí an Chonartha a eagrú agus a fhoilsiú

TCÉ

Féach isteach

Bheadh líon gan choinne den lucht preasa, ó Éirinn agus ó thar lear, i láthair ag an díospóireacht maidir leis an gConradh. Bhí sé de dhúshlán roimh Dháil Éireann ionad a eagrú a bheadh oiriúnach don ócáid.

Bhí Seomra Cruinn Theach an Ardmhéara á úsáid le haghaidh Aonach na Nollag, aonach bliantúil d’earraí Éireannacha, agus measadh go raibh a Sheomra Darach róbheag don ócáid. Ní bheadh ach droch-chuma air dá mbeadh plódú nó míchompord ann, ach bhí imní ann freisin gur dhócha go mbeadh tionchar aige ar stiúradh imeachtaí agus go ndéanfadh sé é deacair an t-ord agus an tromchúis a bhí riachtanach don ócáid a choinneáil.

Suí an Dara Dáil i Seomra Cruinn Theach an Ardmhéara 1921

Bhí na chéad suíonna poiblí ag an Dara Dáil i Seomra Cruinn Theach an Ardmhéara / Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Rinneadh machnamh ar dtús ar phroinnteach fhoirgneamh an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in Ardán Phort an Iarla, arb é an Ceoláras Náisiúnta anois é, sular iarr Éamon de Valera, Uachtarán Dháil Éireann, Seomra Comhairle na hollscoile le húsáid le haghaidh an chruinnithe stairiúil. Is minic a dhiúltaíodh an Coláiste Ollscoile a áitreabh a úsáid, ach níor dhócha go ndiúltódh sé Dáil Éireann, ná iarratas a tháinig ó Sheansailéir Ollscoil na hÉireann.

Chuir uachtarán an Choláiste Ollscoile in iúl don bhord rialaithe gur thug sé cead lena úsáid “ar mhaithe le cruinniú tábhachtach Dháil Éireann atá ar siúl anois, agus gur threoraigh sé do na searbhóntaí i Seomra Lóin an Choláiste tae a chur ar fáil do chomhaltaí agus d’oifigigh na Dála.” Socraíodh £2 an duine a íoc leis na banfhreastalaithe sa seomra lóin agus £1 an duine le póirtéirí an Choláiste as an obair bhreise a bhain leis na cruinnithe seo, airgead a fuarthas ar ais ó Dháil Éireann roinnt míonna ina dhiaidh sin.

Grianghraf de na sluaite ar Ardán Phort an Iarla

Na sluaite lasmuigh de Dhíospóireachtaí an Chonartha ar Ardán Phort an Iarla / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Ag caitheamh súil siar ar na díospóireachtaí roinnt mhaith blianta ina ndiaidh, ba chuimhin le Robert Briscoe, duine a chuir i gcoinne an Chonartha agus a bheadh ina Theachta ina dhiaidh sin, “seomra millteanach fada agus cúng, thart ar chéad troigh ar fad agus b’fhéidir tríocha troigh ar leithead”. Ba sheomra ar fhad dúbailte le síleáil íseal thuas staighre é Seomra na Comhairle, a dtugtar Seomraí Ceadail Chaoimhín De Barra anois air sa cheoláras. Chuimhnigh Briscoe ar an méid seo a leanas freisin:

“Bhí an Ceann Comhairle, Eoin Mac Néill, sa chathaoir ag an gceann theas den seomra, agus shuigh na Teachtaí ar chathaoireacha infhillte agus boird anseo agus ansiúd go randamach síos an seomra fada.”

I ngeall ar an tsíleáil a bheith chomh híseal sin sa Seomra is ar éigean a bhí fuaimíocht ar bith ann. Ní hamháin go raibh sé dodhéanta, a bheag nó a mhór, do chomhaltaí ar chúl an halla a raibh le rá ag óráidithe a chloisteáil, ba dheacair a fheiceáil fiú cé a bhí ag caint. Chuimhnigh Frank Gallagher, a d’oibrigh go dtí le gairid roimh sin le rannóg bolscaireachta Dháil Éireann agus a bhí i gcoinne an Chonartha ar an dóigh:

“a raibh na teachtaí pulctha isteach ag taobh amháin agus na Meáin ó gach cearn den domhan ag an taobh eile. Áit éigin thíos san íoslach bhí seomraí bia, agus is iomaí tráthnóna ag an atráthú tae a shuigh mé ansin fad a bhí na fir seo a raibh cáil náisiúnta bainte amach acu ag déanamh plé eatarthu féin ar an gcéad rud eile gur dócha a tharlódh.”

Mar is gnách, is féidir gur tharla a oiread polaitíochta ag am tae agus a tharla ar urlár an Tí.

If some of the proceedings were somewhat chaotic, the real wonder is that they ran as smoothly as they did.

Fiú dá mbeadh sé, dar le Robert Briscoe, “deacair áit níos measa a shamhlú chun cruinniú parlaiminteach a thionól”, bhí buntáistí áirithe ag baint leis an ionad. Ar an gcéad dul síos, mar gur úsáideadh Ardán Phort an Iarla bhí spás don phobal srianta, nár dhrochrud ar bith é dar le roinnt daoine, mar a dúirt David McCullagh:

“Nuair a rinneadh moladh bogadh ar ais go Teach an Ardmhéara tar éis an Aonaigh, chuir de Valera agus Ó Gríobhtha araon ina choinne, ar an gcúis go mbeadh sluaite claonta ag gríosú óráidí le gártha molta”.

Bhí an tOllamh Eoin Mac Néill, an Ceann Comhairle, sa chathaoir, le cabhair ó Leas-Cheann Comhairle, Brian Ó hUigínn. (Toghadh Seán T. Ó Ceallaigh ina Leas-Cheann Comhairle i mí Lúnasa ach d’éirigh sé as go gairid ina dhiaidh sin). Chabhraigh cléirigh leo agus bhí deasc ann mar ar thóg tuairisceoirí, faoi stiúir iriseoir an Independent agus an t-óglach i mBriogáid Bhaile Átha Cliath, Michael Knightly, nótaí gearrscríofa d’imeachtaí.

Ní raibh sé cosúil le haon chruinniú roimhe sin de Dháil Éireann, tionól nach raibh aon fhoireann bhuan, geall leis, aici nár rith aon reachtaíocht go dtí sin agus nárbh éigean vóta a ghlacadh fiú. Má bhí roinnt de na himeachtaí rud beag trí chéile, is é an rud ab iontaí gur éirigh chomh maith sin leo ar chor ar bith.

Grianghraf de Chathal Brugha in éide mhíleata

Measadh go raibh tuairimí Chathail Bhrugha ar bhail an airm chomh rúnda sin nár scríobhadh síos iad / Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Thosaigh an díospóireacht le heasaontú maidir leis na nithe ba cheart a phlé. Sa deireadh socraíodh dul isteach i seisiún príobháideach, agus dúirt de Valera, “Is dócha go mbeimis in ann fáil réidh leis na pointí difríochta laistigh d’uair an chloig”. Ina ionad sin, lean an cruinniú ar aghaidh go príobháideach an lá ar fad agus lean sé ar aghaidh ar feadh trí lá eile, le seisiún príobháideach eile Dé hAoine, 6 Eanáir.

Rinne Michael Knightly agus a fhoireann d’iriseoirí a cuireadh le chéile faoi dheifir cuntas focal ar fhocal, ag úsáid nótaí gearrscríofa. Foilsíodh na seisiúin phoiblí go gairid tar éis na ndíospóireachtaí (cé nár táirgeadh na himleabhair cheangailte go dtí mí Dheireadh Fómhair 1923) ach cuireadh seisiúin phríobháideacha Dhíospóireachtaí an Chonartha i mí na Nollag, agus i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair roimh na hidirbheartaíochtaí, faoi ghlas i dtaisceadán agus bhí siad príobháideach fós ar feadh caoga bliain eile.

Dáil Éireann had not yet in place a dedicated Debates Office with parliamentary reporters. That meant the debates were written by a somewhat inexperienced crew of reporters under quite stressful conditions.

I rith na 1960idí, cuireadh tús le próiseas chun an t-ábhar a ullmhú le heisiúint ach mar gheall ar chaighdeán an ábhair b’éigean ceist a chur ar staraí é a ullmhú lena fhoilsiú. Chuir an Coiste Dála um Nós Imeachta agus Pribhléidí ceist ar Thomas P. O’Neill an obair sin a dhéanamh, fear a bhí ag an am ina léachtóir staire i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh agus ina chomhúdar ar bheathaisnéis Éamoin de Valera. Foilsíodh toradh na hoibre in 1972.

Ní raibh Oifig Díospóireachtaí ar leith ina raibh tuairisceoirí parlaiminte i nDáil Éireann ag an am. Dá dheasca sin, scríobh foireann tuairisceoirí gan mórán taithí a bhí faoi go leor struis na díospóireachtaí. Ní raibh nótaí i ngearrscríbhneoireacht ann a thuilleadh a bhain le dréacht-chlóscríbhinní de na seisiúin phríobháideacha, agus nuair a thosaigh T.P. O’Neill ag amharc siar orthu siúd, tháinig sé ar roinnt fadhbanna le cuid den téacs. Mar a scríobh sé ina intreoir:

“Níor taifeadadh cuid d’óráid i nGaeilge a thug Pádraig Ó Maille ar an 16 Nollaig 1921 agus rinneadh achoimre i mBéarla ar óráid Ghaeilge a thug Fionán Ó Loinsigh. Bhí fáthanna níos soiléire ann nach ndearnadh taifead de ráiteas a rinne Cathal Brugha faoi chúrsaí cosanta. Maidir lena chuid tuairimí siúd, agus na tuairimí a bhí ag na comhaltaí arb oifigigh airm iad ar bhail an airm, measadh go raibh siad chomh rúnda sin nár scríobhadh síos iad. Amach uaidh sin, is léir ón téacs nár thug an Chuntaois Markievicz an óráid ar an 17 Nollaig a cuireadh ina leith, agus is cosúil gur thug Sean Etchingham ceann eile ar an lá céanna a dúradh gur thug Liam de Róiste. Luaitear na pointí seo mar rabhadh don té a bhainfeadh úsáid as an tuairisc seo gur chóir a bheith airdeallach.”

Éiríodh as roinnt gnásanna a bhí in úsáid agus díospóireachtaí á dtuairisciú roimhe sin, amhail Airí a shainaithint de réir oifige, in áit ainm. Bhí roinnt fadhbanna ann maidir le litriú ainmneacha daoine, mar shampla, tá Seán Mac Eoin le feiceáil mar Sean MacKeown agus litrítear ainm Joseph McGrath le Mac. Cheartaigh O’Neill na hearráidí sa chlóscríbhinn bhunaidh agus na hathruithe á marcáil aige le recte, agus tá na ceartúcháin sin sa leagan ar líne.

Grianghraf den taobh istigh de Sheomra na Comhairle inar tionóladh Díospóireachtaí an Chonartha 1921–1922

Seomra na Comhairle sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag Ardán Phort an Iarla, an áit ar tionóladh Díospóireachtaí an Chonartha / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bhí roinn meancóg dosheachanta, ach is iontach go raibh a laghad sin acu ann nuair a chuirtear san áireamh go háirithe na hiriseoirí gan taithí agus na cúinsí ina raibh siad ag obair, lena n-áirítear seomra ina raibh sé chomh deacair sin cloisteáil. Ar ndóigh, thabharfaí na meancóga faoi deara dá bhfoilseofaí na díospóireachtaí ag an am nó níos gaire dó. Go deimhin, dúirt an tOllamh Michael Hayes, Teachta a bhí ar son an Chonartha, faoi na Tuairiscí Oifigiúla ar na seisiúin phoiblí (1919–22) go raibh siad “cruinn agus gur glacadh leo”. In ainneoin fholáirimh Uí Néill, b’fhoinse thábhachtach do staraithe iad na seisiúin phríobháideacha, mar go bhfuil taifead iontu ar na díospóireachtaí maidir le Doiciméad Uimh. 2 ar tagraíodh dó i gcaitheamh na seisiún poiblí.

The private sessions both of the Treaty Debates in December, and those in August and September before the negotiations, were locked in a safe and remained private for another fifty years.

A luachmhaire is uile is atá téacs na ndíospóireachtaí, níl an scéal go léir iontu. Mar a dúirt an t-iriseoir ón Irish Independent Pádraig de Búrca tar éis comhrá teasaí amháin, bheadh ar dhuine a bheith i láthair chun an cur agus cúiteamh anonn is anall a thuiscint, a rinneadh gan dochar idir daoine a bhí, ag an bpointe sin, ina gcairde maithe. Dúirt Frank Gallagher gur “mhó an brón a bhí le mothú ann ná an fhearg a bhí le feiceáil go soiléir chomh minic sin”. Nuair a tháinig deireadh leis na díospóireachtaí maidir leis an gConradh, d’fhill an Dáil ar Theach an Ardmhéara. Cé gur chuir an tUachtarán nua, Art Ó Gríobhtha, agus a réamhtheachtaí, Éamon de Valera, a mbuíochas in iúl don Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, as ligean do Dháil Éireann a n-áitreabh a úsáid, caithfidh go raibh faoiseamh mór ann i measc na ndaoine a bhí i láthair gurbh fhéidir nach mbeadh orthu taobh istigh de Sheomra na Comhairle a fheiceáil arís.

Stair Oifig na nDíospóireachtaí

Bunaíodh Oifig na nDíospóireachtaí in 1922 chun an tuairisc oifigiúil a sholáthar, agus, go bunúsach, is é an jab céanna atá á dhéanamh aici sa lá atá inniu ann. Foghlaim tuilleadh faoi thuairisciú parlaiminte síos trí na blianta ar shuíomh gréasáin Dáil100.

Barr
Roinn