Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Vótáil 100

In 2018, rinne Tithe an Oireachtais comóradh ar chothrom céad bliain ó tugadh vóta parlaiminte do mhná in Éirinn.

Ón Lepracaun Cartoon Monthly, 1914, le caoinchead ó Leabharlann & Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath

Ba sa bhliain 1918 a tugadh cead le dlí do mhná na hÉireann vótáil agus seasamh i dtoghcháin pharlaiminte den chéad uair.

Ba sa bhliain 1918 freisin a toghadh an chéad bhean chun Parlaimint na Breataine in Westminster. Níor ghlac an Chuntaois de Markievicz, a rinne ionadaíocht do dháilcheantar i mBaile Átha Cliath, a suíochán in Westminster, áfach. In áit é sin a dhéanamh chuaigh sí sa chéad Dáil réabhlóideach agus rinneadh an chéad Bhan-Teachta Dála di.

Ábhair a d'fhéadfaí a phriontáil

Faigh póstaer agus bileog faoi stair throid na mban ar son cearta vótála.

Grafaicí faisnéise

Foghlaim faoi rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht pharlaiminteach.

Físeáin

Féach ar chláir faisnéise, agallaimh agus físeáin d’imeachtaí Vótáil 100.

Ceart vótála agus an cheist náisiúnta

Le caoinchead Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath

Ceart vótála agus an cheist náisiúnta

D’éirigh an feachtas ar son ceart vótála na mban in Éirinn casta de bharr ceist na náisiúntachta, a bhí i réim i gcúrsaí polaitíochta na hÉireann go luath san 20ú haois. Mar thoradh ar an mbéim ollmhór a cuireadh ar an Rialtas Dúchais agus ní ba dheireanaí, ar an scaradh ón Ríocht Aontaithe, níor tugadh an tábhacht chéanna do cheart vótála i gcúrsaí polaitíochta.

Ceannródaithe na polaitíochta parlaimintí

Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Ceannródaithe na polaitíochta parlaimintí

Ón mbliain 1918 ar aghaidh, bhí cead ag mná vóta a chaitheamh i dtoghcháin pharlaiminte agus bhí cead acu seasamh i dtoghchán. Foghlaim tuilleadh faoi chuid de na chéad mhná a ghlac páirt sa pholaitíocht pharlaiminteach in Éirinn.

Amlíne – Bealach an vóta

Díospóireacht na nÓg

I mí Aibreáin, ghlac buaiteoirí chomórtas scoile uile-oileáin an Oireachtais páirt i ndíospóireacht i Seomra an tSeanaid faoi oidhreacht na gluaiseachta ceart vótála. 16 bhuaiteoir a bhí ann san iomlán.

Buíochas

Comhaltaí de choiste Vótáil100
Gabhaimid buíochas leis na daoine seo a leanas as an méid a rinne siad ar son Vótáil100
Meantóirí Dhíospóireacht na nÓg

Sonraí teagmhála

Liam O'Brien
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2

D02 XR20
+353 (0)1 618 4484
+353 (0)86 189 5098
liam.obrien@oireachtas.ie

Barr
Roinn