D’éirigh an feachtas ar son ceart vótála na mban in Éirinn casta de bharr ceist na náisiúntachta, a bhí i réim i gcúrsaí polaitíochta na hÉireann go luath san 20ú haois. D’fhág toghchán mhí na Nollag 1910 an Páirtí Liobrálach, faoi cheannas HH Asquith, ag brath ar thacaíocht Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann chun rialtas a bhunú. Bhí sé ar chumas cheannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, John Redmond, anois idirbheartaíocht a dhéanamh chun go mbeadh Rialtas Dúchais in Éirinn.
Mianta Móra
Léiríonn an íomhá seo, a foilsíodh in Lepracaun Cartoon Monthly i 1911 John Redmond MP, ceannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, ag fanacht go foighneach leis an bPríomh-Aire, Asquith, chun an rud a bhí ag teastáil, Rialtas Dúchais, a thabhairt chun bord.
Mná Éireannacha ag agóid faoi vóta na mban i bPáirc de hÍde
Labhair mná Éireannacha le mná as Sasana agus bhí siad páirteach in agóidí i Sasana. Taispeántar sa ghrianghraf seo Hanna Sheehy Skeffington (le taobh captaen na brataí, agus clárchaipín uirthi) ag agóid faoi vóta na mban i bPáirc de hÍde, an 21 Meitheamh 1908. Bratach Léig na hÉireann um Cheart Vótála do Mhná, leis an ainm bunaidh i nGaeilge, le feiceáil ar thaobh na láimhe clé di.
Chuir an Príomh-Aire i gcoinne vóta a thabhairt do na mná
Chuir an Príomh-Aire, HH Asquith, go láidir in aghaidh ceart vótála na mban. Buaileadh an Parliamentary Franchise (Women) Bill 1912 cé nár buaileadh go mór é ar an Dara Céim i mí Márta 1912. Ní raibh sa difear ach 14 vóta. Vótáil Feisirí Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann i gcoinne an Bhille, ag tacú leis an bPríomh-Aire. Ní raibh fiú Feisirí Pháirtí na hÉireann a thacaigh leis na sufraigéidí réidh lena dtacaíocht don Pháirtí Liobrálach a chur i mbaol trí chur i gcoinne Asquith ar an gceist.
Casann an roth
Nuair a ritheadh an Bille Rialtais Dúchais ag Céim an Choiste gan an clásal sin, chuir Conradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann tús lena fheachtas míleata. Ar an 13 Meitheamh 1912, bhris ochtar ball den Chonradh IWFL fuinneoga ar oifigí an rialtais. Ina measc bhí Hanna Sheehy Skeffington, a roghnaigh Caisleán Bhaile Átha Cliath, suíochán riarachán na Breataine in Éirinn, mar sprioc. Gearradh idir mí amháin agus sé mhí príosúin ar na sufraigéidí.
Sárú na rialacha
Bunaíodh Óglaigh Uladh in 1913, agus thosaigh siad ag réiteach chun an Rialtas Dúchais a throid go hoscailte. Chuaigh fir i mbun druileála le raidhfilí agus ba chosúil go raibh fonn ar a gceannaire, Edward Carson an Feisire Parlaiminte, dul i mbun cogadh cathartha. Léirítear Asquith sa chartún seo ar leathanach tosaigh Votes for Women mar mhúinteoir ag cur pionóis ar an sufraigéid de bharr dúch a dhoirteadh fad is atá Carson ag ionsaí Redmond. Tuairiscítear go dtugann "The Manchester Guardian dúshlán don chomparáid atá déanta idir ‘Lucht Leanúna Uladh' agus na ‘Sufraigéidí', agus ag freagairt na ceiste faoin gcúis nach gcuirtear pionós orthu sin ach go ndéantar an dream eile a ionchúiseamh deirtear go bhfuil dóchas ann go bhfuil ‘an bhoigéis thairbheach sin beagnach ag a dheireadh anois.' "
An Chéad Chogadh Domhanda
Nuair a thosaigh an chogaíocht san Eoraip sa bhliain 1914, d’éirigh na difríochtaí idir na heagraíochtaí ceart vótála in Éirinn agus sa Bhreatain ní ba shoiléire. Chuir Cumann Sóisialta agus Polaitiúil na mBan (WSPU), a bhí gníomhach sna contaetha sa Tuaisceart stop leis an bhfeachtas chun tacaíocht a thabhairt don chogadh. Thacaigh Conradh Ceart Vótála Mhná na Mumhan leis an gcogadh. Nuair a thiomsaigh siad airgead chun otharcharr a cheannach d’arm na Breataine, d’éirigh Mary MacSwiney as agus bhunaigh sí Cumann na mBan Chorcaí. Sheas IWFL in éadan an chogaidh agus lean sé den fheachtas ar son ceart vótála.
Náisiúnaithe agus sufragóirí
Is í an Chuntaois de Markievicz duine de mhná na hÉireann ar mó cáil atá uirthi as an bpáirt a ghlac sí san Éirí amach seachas as gníomhaíochtaí ceart vótála. Léiríonn an grianghraf seo an Chuntaois de Markievicz agus í ag déanamh páirt Jeanne d’Arc atá ag teacht chuig sufraigéid faoi choimeád, páirt a rinne Kathleen Houston, i ndráma tóstail i 1914. Bhunaigh an Chuntaois de Markievicz, i gcomhar lena deirfiúr, Eva Gore-Booth, Cumann Shligigh um Cheart Vótála do Mhná in 1896. Sa bhliain 1908, d’éirigh le feachtas a chuir na deirfiúracha ar bun in aghaidh Winston Churchill a atoghadh in Iarthuaisceart Mhanchain. D’fhreastail sí ar mhórchruinniú na gcumann ceart vótála i mí an Mheithimh 1912 ag ar éilíodh go mbeadh ceart vótála do mhná mar chuid den bhille Rialtas Dúchais. Mar sin féin, cosúil leis na baill eile de Chumann na mBan, chuir sí an troid chun neamhspleáchas iomlán a fháil d’Éirinn roimh an bhfeachtas don vótáil i bparlaimint Rialtas Dúchais a cheadaigh an Bhreatain.