Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Físeáin

Clár Faisnéise

In Our Own Words

Dírítear in IN OUR OWN WORDS ar an scéal a bhaineann le streachailt mhná na hÉireann ar son an chomhionannais agus na hionadaíochta sa réimse polaitiúil, a insítear go heisiach trí scéalta pearsanta na mban a bhaineann leis an scéal.

Amharc ar an bhfíseán

Léacht

An Unfinished Democracy

Is í Alison Cowzer, fiontraí agus cathaoirleach Women for Election a thug Léacht an Chinn Comhairle, ar an 21 Samhain 2018. Labhair sí faoi dhaonlathas na hÉireann, réimse a bhfuil go leor le déanamh leis go fóill.

Amharc ar an bhfíseán

Clár Faisnéise

A Woman's Place

Leanann an clár faisnéise seo an t-ealaíontóir Noel Murphy, ar a thuras sé mhí chun an pictiúr uathúil a phéinteáil den 53 bean atá ina gcomhaltaí reatha de Thithe an Oireachtais. Nochtann an t-iriseoir Eamonn Mallie an próiseas ealaíne agus cuireann sé na Comhaltaí faoi agallamh nuair a thugann siad cuairt ar stiúideo an ealaíontóra le haghaidh tharraingt a gcuid portráidí.

Amharc ar an bhfíseán

Timeline

Timeline

Taispeántar sa ghearrscannán seo na príomhéachtaí a baineadh amach ar aistear na mban chun vóta a bhaint amach in Éirinn agus sa Bhreatain, ón uair a fágadh mná ar lár go hoifigiúil in 1832 go dtí olltoghchán 1918.

Amharc ar an bhfíseán

Taispeántas

Vótálacha do Mhná: Ceart vótála agus Saoránacht

Gearrscannán atá anseo maidir leis an taispeántas déantán, íomhánna agus ábhar gearrshaolach a dhéanann ceiliúradh ar ghluaiseacht cheart vótála na ban in Éirinn. Áirítear ann agallaimh le Lynn Scarff, stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus Micheline Sheehy Skeffington, a raibh a seanmháthair, Hanna Sheehy Skeffington, ar cheann de na ceannairí ar ghluaiseacht cheart vótála na mban in Éirinn.

Amharc ar an bhfíseán

Díospóireacht óige

Díospóireacht na nÓg

Bhí Díospóireacht na nÓg ar siúl i Seomra an tSeanaid an 17 Aibreán. Rinne sé scoláire déag ón idirbhliain díospóireacht ar an rún:

"Maidir leis an troid ar son na saoirse, an cheartais agus an chomhionannais, ar fíoraíodh í in institiúidí, i gcultúr agus i sochaí na hÉireann?"

Amharc ar an bhfíseán

Seachtain na Gaeilge

Máire Geoghegan-Quinn

Thug Máire Geoghegan-Quinn, an chéad bhean a bhí ina hAire ó bunaíodh an Stát, léacht i dTeach Laighean an 6 Márta. Labhair sí faoina thábhachtaí atá ár dteanga náisiúnta di féin agus ina cuid oibre agus faoina saol agus faoina gairm i bpolaitíocht na hÉireann agus na hEorpa.

Amharc ar an bhfíseán

Dáil Éireann

Ráitis i nDáil Éireann

Rinne Dáil Éireann ceiliúradh ar an 6 Feabhra 2018 trí éisteacht le ráitis ar chomóradh céad bliain ar cheart vótála na mban. I measc na gcainteoirí tá an Teachta Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus na Teachtaí Niamh Smyth, Louise O'Reilly, Joan Burton, Ruth Coppinger, Joan Collins, Catherine Murphy agus Catherine Martin.

Amharc ar an bhfíseán

Díospóireacht óige

Díospóireacht na nÓg – seoladh

Cuireann an Seanadóir Ivana Bacik Díospóireacht na nÓg i láthair agus tugann sí breac-chuntas ar an tábhacht a bhaineann léi mar chuid den chlár chun céad bliain ó tugadh vóta parlaiminte do mhná in Éirinn a chomóradh.

Amharc ar an bhfíseán

Comhdháil

Comhdháil: cuid 1

Rinne Vótáil100 comhurraíocht ar chomhdháil in Acadamh Ríoga na hÉireann an 1 Feabhra dar theideal Representation, Gender and Politics: Past and Present. I gcuid 1, pléann an painéal dearcthaí stairiúla ar ghníomhaíochas na mban agus ar luathghluaiseacht na gceart vótála.

Amharc ar an bhfíseán

Comhdháil

Comhdháil: cuid 2

I gcuid 2 den chomhdháil chomhpháirteach faoi Representation, Gender and Politics: Past and Present in Acadamh Ríoga na hÉireann, pléann an painéal ceart vótála i gcomhthéacs stairiúil.

Amharc ar an bhfíseán

Comhdháil

Comhdháil: cuid 3

I gcuid 3 den chomhdháil chomhpháirteach Representation, Gender and Politics: Past and Present in Acadamh Ríoga na hÉireann, déanann Jane Suiter cathaoirleacht ar phlé faoi mhná sa Pharlaimint. Ar an bpainéal tá na Seanadóirí Gabrielle McFadden, Ivana Bacik agus Alice-Mary Higgins agus na Teachtaí Clare Daly, Louise O'Reilly agus Fiona O'Loughlin.

Amharc ar an bhfíseán

Comhdháil

Comhdháil: cuid 4

I gcuid 4 den chomhdháil chomhpháirteach Representation, Gender and Politics: Past and Present in Acadamh Ríoga na hÉireann, pléann an painéal cúrsaí polaitíochta agus inscne in Éirinn sa lá atá inniu ann, lena n-áirítear an tionchar a bhíonn ag cuótaí inscne.

Amharc ar an bhfíseán

Seoladh

Seoladh #Vótáil100

Ag seoladh na haischlibe #Vótáil100, míníonn an Seanadóir Ivana Bacik, cathaoirleach Choiste Stiúrtha Vótáil100, a thábhachtaí atá an comóradh céad bliain atá á cheiliúradh in 2018.

Amharc ar an bhfíseán

Barr
Roinn