Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foirgnimh Pharlaimint na hÉireann

TCÉ

Féach isteach

Ní raibh aon Pharlaimint in Éirinn le breis agus 100 bliain faoin am a tháinig an chéad Dáil le chéile sa bhliain 1919. Bhí láthair suí na Dála ar cheann de na chéad rudaí a bhí le réiteach.

Baile á lorg ag Parlaimint

Fuair an chéad Dáil réabhlóideach an Seomra Cruinn i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, ar cíos faoi choinne a céad chruinnithe ar an 21 Eanáir 1919. Thagadh an Dáil le chéile i dTeach an Ard-Mhéara agus i láithreacha éagsúla eile ina dhiaidh sin. Tar éis an Chonartha leis an mBreatain agus an olltoghcháin i mí an Mheithimh 1922, bhí an tOireachtas in ann áras ní ba bhuaine a iarraidh agus thosaigh siad ag cuardach foirgneamh oiriúnach dá bharr.

Cárta poist ag tnúth leis an lá nuair a d’osclódh Rí agus Banríon Shasana Parlaimint nua na hÉireann / Íomhá le caoinchead Leabharlann Linen Hall

Cheapfaí go mbeadh an foirgneamh ina dtagadh Parlaimint na hÉireann le chéile sular cuireadh san áireamh i bParlaimint na Breataine í sa bhliain 1801 mar an rogha shoiléir. Ón mbliain 1801 amach, bhí náisiúnachas na hÉireann dírithe ar theacht le chéile Pharlaimint na hÉireann i dTeach na Parlaiminte arís. Nuair a thug an Rí Seoirse V agus an Bhanríon Máire cuairt ar Éirinn sa bhliain 1911, bhí muintir Bhaile Átha Cliath in ann cártaí poist a cheannach ina raibh léiriú dóchasach ar theacht an Rí ar mhaithe le Parlaimint na hÉireann a oscailt athuair. D’aithin Rialtas na Breataine an ceangal sin le Teach na Parlaiminte san Acht um Rialú na hÉireann 1920 (Government of Ireland Act 1920).

If the Government of Southern Ireland signify their desire to acquire for the use of the Parliament of Southern Ireland the premises (hereinafter referred to as "the bank premises") of the Bank of Ireland situate in or near College Green, in the City of Dublin, they shall be entitled to do so.
Government of Ireland Act 1920

Ba le Banc na hÉireann Teach na Parlaiminte, áfach, agus bhí sé lonnaithe ann. Bhí agóid ní ba thábhachtaí i gceist freisin. Bhítí chóir a bheith amuigh ar an tsráid ar theacht amach as an bhfoirgneamh, agus d’fhéadfadh sé a bheith i mbaol ionsaí dá thairbhe sin. Mar gheall ar an easaontas faoin gConradh, d’éirigh an díospóireacht pholaitíochta ina Cogadh Cathartha. Bhí Baile Átha Cliath trína chéile – scriosadh foirgnimh agus bhíodh cathanna ar na sráideanna. Níor mhór go mbeadh an teach parlaiminte nua in ann ag ionsaithe féideartha uathu siúd a bhí in éadan an Chonartha.

Nuair a chonaic Mícheál Ó Coileáin Teach Laighean, bhí sé lánchinnte de gurb é an t-aon áit é a mbeadh in ann freastal ar an Oireachtas nua. Ní hamháin go raibh sé suite ar shiúl ón tsráid, ach bhí an léachtlann ab fhearr sa tír ann ina raibh suíocháin i gcomhair 700 duine. Bheadh an léachtlann ábalta freastal ar an Dáil ach líon beag athruithe a dhéanamh. Fuair Ó Coileáin ar léas é ó na húinéirí, Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, ar feadh ocht mí agus ba é sin an áit inar tháinig an Tríú Dáil le chéile ar an 9 Meán Fómhair 1922. Níor ghlac Ó Coileáin féin a shuíochán i dTeach Laighean riamh siocair gur feallmharaíodh é an mhí sular tháinig an Dáil le chéile.

Grianghraf de Theach Laighean le cóistí capaill chun tosaigh

Teach Laighean / Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bhain a lán míbhuntáistí leis an léachtlann, mar shampla, na suíocháin fillte agus bhí saotharlann raidiam an Dr John Joly suite taobh thiar di. Ba sa tsaotharlann sin a d’fhorbair sé “modh Bhaile Átha Cliath” maidir le cóir leighis le haghaidh ailse. Ní raibh baile sealadach an tSeanaid pioc níos fearr ná í. Cuireadh an Teach Uachtarach i seomra troscán seanda na hiarsmalainne a bhí taobh le Teach Laighean, agus measadh nach raibh a leithéid sách cuibhiúil.

We have put up for over one and a half years with a condition of grave discomfort … Your Chairman and your official staff have sat here upon a scaffold, behind which there is a cupboard, from which your Chairman emerges, and into which he disappears.
Lord Glenavy, Cathaoirleach, Seanad Éireann, 1 May 1924

Bhí sé i gceist ón tús nach mbeadh i dTeach Laighean ach réiteach sealadach agus níorbh fhada go ndearnadh plé ar shuíomh ní b’oiriúnaí. Moladh sean-Teach na Parlaiminte arís ach níor mhór ionad úr a chur ar fáil do Bhanc na hÉireann ar chostas an Rialtais. Bheadh a leithéid an-daor agus thógfadh sé cuid mhór ama freisin.

Grianghraf de Sheomra na Dála

Athraíodh léachtlann RDS chun freastal ar an Dáil / Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

B’fhearr leis an Seanad Caisleán Bhaile Átha Cliath, ach bhí úsáid á bhaint as mar theach cúirte sealadach ós rud é gur scriosadh na Ceithre Cúirteanna sa Chogadh Cathartha. Moladh an tOspidéal Ríoga i gCill Mhaighneann, agus aistriú amach as “baile eachtrach” Bhaile Átha Cliath freisin.

From my knowledge of the past, Kilmainham was a very easy place to get into, but a very difficult place to get out of… If we went to Kilmainham even to occupy it as temporary premises and spent £45,000 there… it would not be so easy in the future to remove from there to the place that we all hope, and that every Irishman throughout the world has hoped, we will one day occupy — our old Parliament in College Green.
Captain William Redmond, Dáil Éireann, 24 January 1924

Fiú tar éis don Saorstát Teach Laighean a cheannach ó Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath i 1924, leanadh ar aghaidh leis an bplé faoi aistriú an Oireachtais. Rinneadh plé ar chruthú ceathrún parlaiminte sna 1930idí. Thógfaí ardeaglais agus ceoláras mar chuid den tionscadal sin ar mhaithe le creideamh agus cultúr. Níor tháinig aon rud as, áfach, mar gheall ar staid airgeadais neamhchinnte an Stáit nua. Tá an tOireachtas fós i dTeach Laighean sa lá atá inniu ann.

Teach Laighean

Thóg Iarla Chill Dara, James Fitzgerald, Teach Laighean i lár an 18ú haois. Ní raibh an Tiarna Fitzgerald ach 22 bhliain d’aois nuair a fuair sé teideal a athar le hoidhreacht. Níorbh fhada gur cheannaigh sé píosa talún i mBaile Átha Cliath ar mhaithe le teach cathrach aoibhinn a thógáil a léireodh an saibhreas agus an stádas sóisialta a bhí aige. Nuair a dúirt cara leis go raibh an suíomh sin iargúlta agus neamhfhaiseanta, dúradh gur fhreagair an tIarla, “Leanfaidh siad mé cibé áit a rachaidh mé.”

D’fhostaigh Fitzgerald Richard Castle, príomhailtire na hÉireann, chun teach mór Pallaidiach a thógáil sa bhaile ina mbeadh halla ar airde dhúbailte agus gailearaí pictiúr. Deirtear gur spreag dearadh Castle, go háirithe an dronn starrach ar an taobh thuaidh, dearadh an Tí Bháin, Áras Uachtarán na Stát Aontaithe. Éireannach ba ea ailtire an Tí Bháin, James Hoban. Rinne sé staidéar i mBaile Átha Cliath agus is cinnte go mbeadh cur amach aige ar dhearadh Theach Laighean.

Bunlíníocht ailtireachta de phlean Theach Laighean

Plean d’urlár na talún i dTeach Laighean le Richard Castle / Íomhá le caoinchead Chartlann Ailtireachta na hÉireann

Cuireadh tús leis an obair thógála i 1745. Lean an obair ar aghaidh ar feadh roinnt blianta. Ag an am, tharraingíodh na suíonna de Pharlaimint na hÉireann ciorcal sóisialta mór go Baile Átha Cliath gach geimhreadh le haghaidh an tséasúir. Phós an tIarla an Bantiarna Emily Lennox, iníon le Diúc Richmond, sa bhliain 1747. Ní raibh siad ábalta bogadh isteach ina dteach cathrach go dtí roinnt blianta eile. Rinneadh Diúc Laighean den Iarla i 1766 agus tugadh Teach Laighean ar a theach cathrach.

Bunlíníocht ailtireachta d’ingearchló tosaigh Theach Laighean

An dearadh le haghaidh dhoras isteach Theach Laighean le Richard Castle / Íomhá le caoinchead Chartlann Ailtireachta na hÉireann

Tar éis dhúnadh Pharlaimint na hÉireann in 1801, theastaigh tithe ó Fheisirí Éireannacha i Londain, seachas i mBaile Átha Cliath. De réir mar a bhí tábhacht an tséasúir bhliantúil ag meath, thug mórán teaghlach suntasach suas a dteach i mBaile Átha Cliath. Sa bhliain 1815, dhíol an tríú Diúc Laighean Teach Laighean le Cumann Bhaile Átha Cliath ar £10,000 agus cíos £600 in aghaidh na bliana.

Since the union with England our family residence in town had been quite neglected and was now more like a convent than a nobleman’s hotel. A large bell at the gate (which had long been condemned to silence) now announced to the housekeeper the return of one of the Ancient inhabitants of Leinster house. She received us at the door & by the light of a solitary candle, we made our way to a once stately bed-chamber!
Isabella Fitzgerald, sister of the third Duke of Leinster on visiting Leinster House in 1812

Cé go raibh ré na huasaicme i mBaile Átha Cliath ag dul i léig, bhí Cumann Bhaile Átha Cliath chun tosaigh i ré úr an chothromaíochais. Bhí sé mar aidhm aige na healaíona agus an eolaíocht a chothú agus a chur chun cinn i sochaí ina raibh léann de shaghas éigin ag níos mó agus níos mó daoine. Le himeacht aimsire, chuir an cumann – a ndearnadh Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath de nuair a rinneadh pátrún den Rí Seoirse IV – síntí agus ainnéacsanna leis an bunteach. Cuireadh spás ar fáil faoi choinne leabharlainne, saotharlann eolaíochta agus léachtlann ollmhór phoiblí.

Líníochtaí ailtireachta de Theach Laighean

Líníochtaí ailtire le haghaidh oibreacha sínte Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath le Teach Laighean / Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bhog an tOireachtas go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ar feadh tamaill, ach bhí a fhios ag na Comhaltaí go raibh siad ag cur isteach ar rochtain an phobail ar bhailiúcháin agus ar shaoráidí an chumainn.

We are here in the first place as guests, and in the second place very much like squatters, because, I suppose, as time goes on our claim to remain here gets a little stronger. We are very much indebted to the Royal Dublin Society for their generosity, for their courtesy, their great help, the great assistance that they have, at all times, given us in making our stay here as comfortable as possible, and for their readiness in meeting us on almost every occasion that we have had to make representations to them for still more hospitality.
William T. Cosgrave, Dáil, 24 January 1924

Tar éis don Stát Teach Laighean a cheannach ó Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1924, d’aistrigh an cumann a chuid gníomhaíochtaí go Droichead na Dothra agus bhí an tOireachtas in ann an Teach a chur in oiriúint dá chuid riachtanas. Feistíodh an gailearaí pictiúr, ar bhálseomra é le linn ré na nDiúc Laighean, i gcomhair an tSeanaid agus cuireadh an léachtlann in oiriúint do riachtanais na Dála.

Samhail ailtireachta de Theach Laighean 2000

Modúil rannáin ina dtaispeántar Teach Laighean 2000 agus é nasctha le coimpléasc Theach Laighean / Íomhá le caoinchead Donnelly Turpin Architects/Barry Mason

Sa lá atá inniu ann, tá Teach Laighean i lár mórláthair foirgneamh a dhéanann freastal ar fhoireann an Oireachtais agus ar Chomhaltaí den Oireachtas. Le himeacht na mblianta, chuir síntí agus mionathruithe an spás in oiriúint do riachtanais na Parlaiminte a bhí ag athrú. Mar shampla, léiríonn Teach Laighean 2000 an ról níos tábhachtaí atá ag na coistí san Oireachtas mar aon leis an ugach chun rochtain phoiblí ar ghnó an Oireachtais a chur ar fáil. Tá ceithre sheomra cruinnithe shaintógtha i dTeach Laighean 2000. Tá áiseanna taifeadta físeáin agus fuaime sna seomraí sin le gur féidir cruinnithe a chraoladh.

Nuashonraithe go deireanach: 7 Deireadh Fómhair 2020

Barr
Roinn