Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Bailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath

TCÉ

Féach isteach

Rinne Leabharlann an Oireachtais comóradh céad bliain ar aistriú Chaisleán Bhaile Átha Cliath le taispeántas de chuid de na seoda ó Bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath.

Ar maidin 16 Eanáir 1922 bhailigh iriseoirí, grianghrafadóirí agus slua fonnmhar sibhialtach ar thailte agus ag geataí Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí breis is seachtain caite ó daingníodh an Conradh Angla-Éireannach. Thuairiscigh na nuachtáin go raibh atmaisféar aoibhneach agus dea-ghiúmar ann, mar a baineadh giuirléidí de riarachán na Breataine anuas agus iad a luchtú ar leoraithe.

Ag 1:45pm chualathas gártha áthais nuair a tháinig na gluaisteáin ina raibh Micheál Ó Coileáin agus baill eile den rialtas sealadach. Shiúil siad go Seomra na Ríchomhairle, áit ar bhuail an Tiarna FitzAlan-Howard, Ard-Leifteanant deireanach na hÉireann, státseirbhísigh ardchéimiúla agus ceannairí Chonstáblacht Ríoga na hÉireann agus Phóilíní Chathair Átha Cliath leo. Thug Ó Coileáin cóip den Chonradh don Tiarna FitzAlan-Howard, a rinne comhghairdeas leis agus a d’fhógair go raibh an rialtas sealadach insealbhaithe go foirmiúil.

Micheál Ó Coileáin ag teacht isteach chuig Caisleán Bhaile Átha Cliath

Micheál Ó Coileáin ag teacht chuig Caisleán Bhaile Átha Cliath / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Imeacht siombalach

B’imeacht ollmhór é aistriú Chaisleán Bhaile Átha Cliath go siombalach sa streachailt ar son cheannasacht na hÉireann a mhair na céadta bliain. Fuair an cogadh cathartha nimhneach, a lean go luath ina dhiaidh sin, an ceann is fearr air i gcuimhne an phobail áfach.

“The fact that Dublin Castle has, to all intents and purposes, changed ownership, is something that must be regarded as a stirring sign of the times.”

Irish Examiner, 17 Eanáir 1922

I gcás go leor Éireannaigh ba shiombail den ndroch-riarachán poiblí ab ea Caisleán Bhaile Átha Cliath, nó níos measa fós siombail den chos ar ansmacht coilíneacht urchóideach a bhí ann. Bhí sé ina cheanncheathrú oifigiúil ag riarachán Shasana agus na Breataine ar feadh na gcéadta bliain. Bhí árasáin ag ionadaí na rí nó ionadaí na banríona in Éirinn, an tArd-Leifteanant, sa Chaisleán agus d’óstáil sé go leor cruinnithe poiblí agus sóisialta. Ach bhí oifigí na ranna rialtais, an airm, na bpóilíní agus na n-oifigeach dlí ardchéimiúla sa chaisleáin freisin. B’é Príomh-Rúnaí na hÉireann a bhí i bhfeighil ar na nithe sin go díreach, aireacht rialtais a raibh cuid mhór de chumhacht pholaitiúil aici i gcodarsnacht le post deasghnách an Ard-Leifteanant.

Bailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Cinneadh amháin a bhí le déanamh agus iar-oifigí na Breataine á ndíchóimeáil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ná céard ba cheart a dhéanamh leis an leabharlann tagartha a bhí fágtha in Oifig an Phríomh-Rúnaí. Ag dul siar go dtí an 16ú haois, bhí na mílte imleabhar d’ábhar parlaiminte, leabhair, léarscáileanna, nuachtáin, lámhscríbhinní, priontaí agus paimfléid ann. In 1924 aistríodh an bailiúchán go Teach Laighean, faoi thionchar Henry Egan Kenny is dócha. Ba é Kenny an chéad leabharlannaí oifigiúil de chuid nua-leabharlann na parlaiminte agus d’oibrigh sé i gCaisleán Bhaile Átha Cliath roimhe sin.

I bhfianaise tréimhse leathan an ábhair, léirítear mórthéamaí agus imeachtaí móra i stair na hÉireann. Tá ábhar foilsithe agus cartlainne ann a bhaineann le hÉirí Amach 1641, le socrú talún an Athchóirithe, leis an gComhcheilg Phápánach, le hAcht an Aontais, le fuascailt na gCaitliceach, le reibiliúnaigh agus le trialacha na bhFíníní, agus le coimhlint talmhaíochta agus pholaitiúil na 1880í. Tá tuairiscí agus paimfléid a bhaineann le nósanna, baincéireacht, coireacht, oideachas, sláinte, cúrsaí míleata, polaitíocht, talmhaíocht, tionscal agus eolaíocht, mar aon le leabhair a bhaineann le taisteal, stair agus beathaisnéis. Tá roinnt buaicphointí ar taispeáint anseo.

Bailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Catalóg dhigiteach

Bailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Tá an chuid is mó de Bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath digitithe faoin am seo. Chun an t-ábhar a bhrabhsáil, tabhair cuairt ar Bhailiúcháin Dhigiteacha Leabharlann an Oireachtais agus roghnaigh Caisleán Bhaile Átha Cliath ó na roghanna cuardaigh.

Doiciméid stairiúla

Taispeántais dhigiteacha

Doiciméid stairiúla

Chun tuilleadh taispeántas digiteach a fheiceáil ina ndírítear aird ar chuid de na míreanna fíorspéisiúla inár gcuid bailiúchán, tabhair cuairt ar an leathanach Doiciméid stairiúla.

Barr
Roinn